Déanann Rannóg Bainistíochta Tráchta Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh fíneálacha páirceála agus achomhairc a bhainistiú. Féadfaidh tú d’fhíneáil a íoc ar líne, tríd an bpost, ar an bhfón nó go pearsanta.
Fíneálacha Páirceála
Beidh na táillí seo a leanas i bhfeidhm má íoctar iad laistigh de 28 lá ó eisiúint an Fhógra um Chion Muirear Seasta.
Beidh na méideanna seo móide 50% i bhfeidhm má íoctar iad laistigh den chéad tréimhse 28 lá eile.
| Cion | Méid Fíneála |
| Diosca cánach ceart gan a thaispeáint | €60 |
| Páirceáil mhídhleathach i mbá páirceála do dhaoine faoi mhíchumas | €150 |
| Feithicil a pháirceáil ar chosán/imeall féir/stiall airmheánach | €80 |
| Feithicil a pháirceáil ar raon rothar | €80 |
| Feithicil a pháirceáil i lána bus le linn thréimhse oibríochta an lána bus | €80 |
| Gach cion páirceála eile | €40 |
Modh Íocaíochta
- Íoc go pearsanta ag Oifigí Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag Cé na gCeannaithe agus Tuar an Daill, An Caisleán Nua, Ráth Caola nó Cill Mocheallóg, le hairgead tirim nó le cárta creidmheasa/dochair.
- Íoc tríd an bpost le hordú poist (Luaigh, le do thoil, uimhir an ticéid agus cláruimhir an chairr agus íocaíocht phoist á sheoladh isteach agat).
- Íoc ar an teileafón 061 529029 (seirbhís 24 uair) ag úsáid Cárta Creidmheasa/Dochair.
- Íoc ar líne mar atá thíos.
Íoc Do Fhíneáil Páirceála Ar Líne
Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh Uimhir an Ticéad Páirceála agus Cláruimhir na Feithicle uait. Bain an LCC agus an chéad nialais ar uimhir an ticéid más infheidhme.
Fíneáil a achomharc
Chun achomharc a dhéanamh ar fhíneáil pháirceála ar líne, cliceáil anseo.
Is féidir leat foirm achomhairc a chomhlánú freisin inár nOifigí Seirbhíse do Chustaiméirí ag Cé na gCeannaithe nó Tuar an Daill, nó ag na hOifigí Bardasacha i gCill Mocheallóg agus sa Chaisleán Nua.
Tabhair do d’aire: Ní féidir linn glacadh le hachomhairc tar éis don tréimhse 56 lá ó dháta d’fhógra muirear seasta a bheith caite.
Eolas teagmhála
An Roinn Bainistíochta Tráchta
Fón: +353 61 557130
Ríomhphost: traffic@limerick.ie