Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag lorg iarratais ó bhaill den phobal agus/nó ó ghrúpaí pobail do Chiste na Séadchomharthaí Pobail 2027.
Tá an ciste seo chun cabhrú le hoibreacha cuí ar Shéadchomharthaí Seandálaíochta atá san áireamh i dTaifead na Séadchomharthaí & Áiteanna faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (arna leasú) agus/nó aitheanta sa Taifead Láithreáin agus Séadchomharthaí arna dtiomsú ag an tSeirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta.
Tá 3 Shruth de mhaoiniú 100% ar fáil d’iarratasóirí príobháideacha agus/nó grúpaí pobail:
Molfaidh an tÚdarás Áitiúil dhá thionscadal incháilithe do gach ceann de na 3 Shruthanna de bhun iarratais ó iarratasóirí príobháideacha agus/nó grúpaí pobail atá ina n-úinéirí nó ina bhfeighlí ar shéadchomharthaí seandálaíochta ábhartha áit a bhfuil leas poiblí inbhraite.
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas chuig Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ná 22 Eanáir 2027.
Cuirfidh Sruth 1 deontais suas le €130,000 le haghaidh deisiúcháin riachtanacha agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú.
Cuirfidh Sruth 2 deontais suas le €30,000 chun Pleananna/Tuairiscí Bainistíochta Caomhnaithe agus Mionsonraíocht Oibreacha a Fhorbairt atá dírithe ar bhearta a aithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus ar rochtain phoiblí a fheabhsú.
Cuirfidh Sruth 3 Deontais suas le €30,000 chun bonneagar rochtana agus tionscadail le léirmhíniú a fheabhsú (fíorúil/ar líne san áireamh), agus oibreacha éigeandála caomhnaithe mionscála ag séadchomharthaí seandálaíochta
Tá sonraí iomlána leagtha amach i Meabhrán Mínithe Chiste na Séadchomharthaí Comhphobail CMF2025 atá le fáil sna doiciméid tacaíochta ag deireadh an leathanaigh seo.
Aighneachtaí trí ríomhphost nó i gcóip chrua:
Déan an Fhoirm Iarratais a íoslódail nó a phriontáil agus a chomhlánú le do thoil agus cuir isteach mar aon le Ráiteas Modha agus aon doiciméad eile a theastaíonn chuig:
Trí ríomhphost: archaeology@limerick.ie
Nó postáil chuig:
Sarah McCutcheon
Seandálaí Údaráis Áitiúil
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Cé na gCeannaithe
Luimneach
V94 EH90
Má tá aon cheist agat déan teagmháil le:
Ríomhphost: archaeology@limerick.ie
Fón: 061 556051
Maoiniú atá ar fáil - Cad a Mhaoineofar
| Sruth | Maoiniú atá ar fáil | Cad a mhaoineofar | Deontas Uasta |
| 1 | Deontais suas le €130,000 le haghaidh deislúcháin riachtanacha agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú. | Deisiúcháin riachtanacha agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú | 100% de na costais incháilithe |
| 2 | Deontais suas le €30,000 chun Pleananna/Tuairiscí Bainistíochta Caomhnaithe agus Mionsonraíocht Oibreacha a Fhorbairt atá dírithe ar bhearta a aithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus ar rochtain phoiblí a fheabhsú. | Pleananna/Tuairiscí Bainistíochta Caomhantais agus Mionsonraíocht Oibreacha atá dírithe ar bhearta a aithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus ar rochtain phoiblí a fheabhsú | 100% de na costais incháilithe |
| 3 | Deontais suas le €30,000 chun bonneagar rochtana agus tionscadail le léirmhíniú a fheabhsú (fíorúil/ar líne san áireamh), agus oibreacha éigeandála caomhnaithe mionscála ag séadchomharthaí seandálaíochta. | Feabhsú bonneagair rochtana, tionscadail léirmhínithe agus oibreacha éigeandála caomhnaithe mionscála ag séadchomharthaí seandálaíochta | 100% de na costais incháilithe |