Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)

Chuir an Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh, an chuid Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) laistigh den Roinn Tithíochta, tús le Tairseach Iarratais nua ar líne le haghaidh saoránaigh atá i dteideal Tithíocht Shóisialta agus ba mhian leo iarratas a chur isteach ar ÍCT.

Go ginearálta, ní féidir Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) a sholáthar do thionóntachtaí atá plódaithe.

Is é Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) ná tacaíocht tithíocht shóisialta dóibh siúd in a bhfuil tithíocht fadtéarmach de dhíth.

Is tacaíocht airgeadais é ÍCT chun cabhrú leo siúd a bhfuil lóistín ar cíos acu go príobháideach, atá incháilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta.

Ní mór d’iarratasóirí ar ÍCT a bheith ar liosta feithimh Tithíochta a nÚdarás Áitiúil sular féidir leo an fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú – tá uimhir Tithíocht Shóisialta bhailí ag teastáil don iarratas.

Cinntíonn iarratas ar líne go gcuirtear an fhaisnéis riachtanach ar fad isteach ag am an iarratais lena n-áirítear na doiciméid riachtanacha go léir. Dá bharr seo, déileáilfear na hiarratais agus na cáipéisí i mbealach tráthúil agus éifeachtúil.

Tabhair aird le do thoil ar an gcomhairle seo a leanas maidir le tionóntachtaí ÍCT:

  • Déan cinnte go bhfuil tú ar liosta tithíochta an Chomhairle
  • Déan cinnte go bhfuil do shonraí teaghlaigh suas chun dáta
  • Má tá tú ag déanamh iarratais ar íocaíocht lánroghnach maidir le d’íocaíocht mhíosúil leis an tiarna talún beidh ort foirm athbhreithnithe cíosa a chomhlánú freisin.
  • Ní féidir leis an údarás áitiúil íocaíocht lánroghnach a ghlacadh go dtí go bhfuil an tÚA sásta go bhfuil sonraí ioncaim na tionóntaí suas chun dáta againn.
  • Le do thoil, seol chugainn fianaise d'athrú ar do chúinsí airgeadais trí ríomhphost chuig customerservices@limerick.ie Iarraimid go mbeidh aon cháipéisí ón Roinn Coimirce Sóisialaí i bhfoirm mar scanadh/mar ghrianghraf agus go seolfar é trí ríomhphost chuig d'údarás áitiúil.
  • Conas a oibríonn sé
  • Conas iarratas a chur isteach le haghaidh ÍCT ar líne
  • Ag Déanamh Íocaíochta
  • Eolas teagmhála
     

An bhfuil mé incháilithe chun iarratas a chur isteach?

Ní mór do dhaoine a dhéanann iarratas ar ÍCT a bheith ina n-iarratasóirí cáilithe tithíochta sular féidir leo iarratas a dhéanamh. Cliceáil anseo le haghaidh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar thithíocht chomhairle.

Ar ais go barr

Conas a oibríonn sé

Má tá tú incháilithe mar iarratasóir tithíochta ceadaithe, ní mór duit do lóistín atá ar cíos go príobháideach féin a aimsiú (laistigh de theorainneacha cíosa áirithe). Íocfaidh an tÚdarás Áitiúil an tiarna talúin go díreach agus íocfaidh an tionónta cíos chuig an t-údarás áitiúil bunaithe ar an scéim cíosa difreálach. Beidh an cíos bunaithe ar d'ioncam teaghlaigh seachtainiúil agus oibríonn sé sa bhealach céanna a oibríonn na cíosanna difreálacha atá gearrtha do thithe údaráis áitiúla.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar cháipéisí Tionónta & Tiarna Talún sna cáipéisí tacaíochta thíos.

Ar ais go barr

Conas iarratas a chur isteach le haghaidh ÍCT ar líne

Ag Déanamh Íocaíochta – Ag íoc do Chíos ÍCT Seachtainiúil

  • Aip ÍCT - Íoslódáil san Aipmhargadh Play (Uimhir Aitheantais ÍCT agus UAP ag teastáil)
  • Ar líne ag https://happayments.limerick.ie (Uimhir Aitheantais agus UAP an Fhaighteora ÍCT ag teastáil)
  • Cuir glaoch ar 061-529654 (Uimhir Aitheantais agus UAP an Fhaighteora ÍCT ag teastáil)
  • Cárta Íocaíochta Bille ÍCT in aon oifig an phoist nó i siopa POSTPOINT

Má tá deimhniú Uimhir Aitheantais ÍCT/UAP ag teastáil uait, téigh i dteagmháil le:

Ionad Seirbhísí Comhroinnte ÍCT 

Guthán: +353 61 556600 (Rogha 1 – tionóntaí) nó hapcollections@limerick.ie

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a íoslódáil faoi Rochtain ar an Scéim ÍCT.

Ar ais go barr

Eolas Teagmhála

Ionad Seirbhísí Comhroinnte ÍCT

Guthán: +353 61 556600
Rogha 1 do thionóntaí
Rogha 2 do thiarnaí talún

ÍCT Luimnigh

Ceisteanna Ginearálta maidir le hÍCT 061 556000

Tabhair faoi deara: Ní dhéileálann ÍCT Luimnigh ach le fiosrúcháin ÍCT a bhaineann le ceantar chathair agus chontae Luimnigh.

Déan teagmháil le d’Údarás Áitiúil le haghaidh ceisteanna ginearálta nach mbaineann le híocaíochtaí.

Ar ais go barr