Beartas um Dháileadh Málaí Gainimh
I gcás mórtheagmhais tuilte, is gnách go n-ullmhaíonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh málaí gainimh le húsáid mar fhreagra ar thuilte. Úsáideann an Chomhairle formhór na málaí gainimh seo go díreach dá cuid oibre freagartha féin.
Freagra Tuilte
I gcás tuilte suntasacha i gcathair nó i gcontae Luimnigh, cuirfidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a Plean um Bainistíocht ar Mhóréigeandáil i bhfeidhm.
Oibríocht Draenála Abhann
Uiscebhealaí / Ballaí Cé / Bruacha Abhann - Tá oibreacha feabhsúcháin déanta chun an baol tuilte a íoslaghdú i roinnt ceantar.