Tá Scéim Dreasachta Rátaí Áitreabh Gnó Folamh 2026 nua seolta ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh chun cabhrú le bailte agus le sráidbhailte a athbheochan agus chun tacú le cruthú fostaíochta ag gnóthais inmharthana.
Ceaptar an deontas chun athlonnú áitreabh miondíola/trádála folamh a dhreasú agus a spreagadh chun dul i ngleic le folúntais sa phríomhcheantar miondíola i Lár Chathair Luimnigh agus i roinnt bailte contae.
Más mian leat iarratas a dhéanamh nó tuilleadh a fhoghlaim faoin scéim seo cliceáil ar na naisc faoi iamh leis seo ar mhaithe le heolas níos mionsonraithe faoin scéim agus faoin bpróiseas iarratais.