Tá cathair Luimnigh ar cheann de naoi suíomh a roghnaíodh chun bheith mar chuid de chlár píolótach náisiúnta Geilleagar na hOíche a thacaítear leis agus a mhaoinítear é tríd an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus a dearadh chun gníomhaíocht gheilleagar na hoíche a spreagadh trí struchtúir chomhoibritheacha fheabhsaithe a fhorbairt le tacaíocht ó Chomhairleoir Gheilleagar na hOíche.
Is ionann an téarma ‘Geilleagar na hOíche’ agus tagairt don ghníomhaíocht shóisialta, chultúir agus eacnamaíochta éagsúil a tharlaíonn idir 6pm agus 6am. Cothromaítear leis na riachtanais atá ag pobail idirghaolmhara a mhaireann taobh le chéile chun é a thabhairt chun fíre agus chun braistint spáis chomhroinnte a chruthú.
- Foilseofar Plean Gníomhaíochta Gheilleagar na hOíche
- Déardaoin an Chlapsholais á Thabhairt Isteach
- Tairseach Oiliúna Ar Líne nua ‘Slán Sábháilte’
Foilseofar Plean Gníomhaíochta Gheilleagar na hOíche
Tá an Plean Gníomhaíochta Gheilleagar na hOíche 2025 dírithe ar an gcathair seo againne a chlaochlú ina ceann scríbe níos sábháilte, níos beomhaire, agus níos cuimsithí tar éis thitim na hoíche. Trí bheith ag comhoibriú le gnólachtaí áitiúla, grúpaí cultúir, agus an pobal níos leithne, leagfar amach sa phlean seo straitéis shoiléir chun tacú le gníomhaíocht shóisialta, chultúir, agus eacnamaíochta ar fud na cathrach sna huaireanta an chloig i rith an tráthnóna agus na hoíche.
Is é is aidhm don phlean:
- Fás eacnamaíochta a chothú trí bheith ag tacú le gnólachtaí oíche agus institiúidí cultúir.
- Sábháilteacht agus inrochtaineacht na cathrach san oíche a fheabhsú.
- Tacú le rannpháirtíocht agus ionchuimsitheacht phobail in imeachtaí oíche.
Tríd an leas is fearr is féidir a bhaint as dea-chleachtais ó thionscnaimh Gheilleagar na hOíche ar fud an domhain ar éirigh go maith leo, agus páirt a ghlacadh i bhfoghlaim chomhroinnte sna suíomhanna píolótacha go léir go náisiúnta, tá sé mar aidhm ag rannpháirtithe Luimnigh cur chuige úr a bhunú chun beocht a chur chun cinn i lár na cathrach agus spásanna sóisialta agus cultúir comhroinnte a sholáthar don phobal áitiúil, do chónaitheoirí agus do chuairteoirí.
Déardaoin an Chlapsholais á Thabhairt Isteach
Beidh príomhthionscnamh an phlean, Déardaoin an Chlapsholais, ar siúl an Déardaoin deireanach de gach mí, ag tosú an 29 Bealtaine 2025. Tiocfaidh an chathair chun beatha le huaireanta oscailte sínte miondíola & caifé, imeachtaí uathúla, agus cláir chultúir sna réimsí fáilteachais, miondíola, agus spásanna poiblí.
Dátaí Tábhachtacha:
29 Eanáir, 26 Feabhra, 26 Márta, 30th Aibreán, 28 Bealtaine, 25 Meitheamh, 30 Iúil, 27 Lúnasa, 24 Meán Fómhair, 29 Deireadh Fómhair, 26 Samhain
An Méid a Bheidh i gCeist:
- Taibhithe beo, conairí bia, agus margaí sráide
- Tob-imeachtaí agus tionscnaimh faoi stiúir mac léinn
- Oícheanta cultúir, cainteanna, agus gníomhaíochtaí do theaghlaigh
- Biachláir agus tairiscintí tús oíche
Tugtar cuireadh do ghnólachtaí áitiúla agus ionaid chultúir páirt a ghlacadh, comhoibriú a dhéanamh, agus tráthnónta Déardaoin nótáilte a chomhchruthú sa chathair.
Mar atáimid ag Tacú Leis Seo
Chun fís Gheilleagar na hOíche a thabhairt chun fíre, tá an Chomhairle Cathrach ag tairiscint:
- Tacaíocht promóisin chun ionaid agus imeachtaí rannpháirteacha a fhógairt don phobal
- Deiseanna Maoinithe d'imeachtaí agus gnólachtaí nuair is féidir
- Comhoibriú leis na Gardaí agus ranna comhairle chun sábháilteacht agus infheictheacht a fheabhsú
- Comhpháirtíochtaí le seirbhísí iompair chun rochtain déanach san oíche a fheabhsú
Bí Páirteach
Táimid ag glaoch ar ghnólachtaí, ealaíontóirí, grúpaí pobail, agus cónaitheoirí cabhrú le geilleagar oíche Luimhnigh a mhúnlú agus fuinneamh a chur ann. Má tá spéis agat páirt a ghlacadh i nDéardaoin an Chlapsholais nó i dtionscnaimh eile, ba bhreá linn cloisteáil uait!
Le chéile, táimid ag forbairt cathair níos sábháilte, níos dinimiciúla agus níos ceangailte tar éis thitim na hoíche.
Craig Power
Comhairleoir Gheilleagar na hOíche
Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh
Ríomhphoist: craig.power@limerick.ie
Tairseach Oiliúna Ar Líne nua ‘Slán Sábháilte’
Tugann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh cuireadh duit a bheith mar chuid de líonra athraithe trí pháirt a ghlacadh in oiliúint ar líne saor in aisce atá dírithe ar shábháilteacht agus ar dhea-chleachtais chun Geilleagar Oíche Luimnigh a fheabhsú.
Fanann sábháilteacht mar thosaíocht lárnach laistigh de Thuarascáil Tascfhórsa Geilleagar Oíche na hÉireann. Ag aithint na ndúshlán ar leith a bhíonn roimh ghnólachtaí agus daoine aonair atá ag feidhmiú san oíche agus san tráthnóna, tá Cathair Luimnigh ag glacadh céimeanna réamhghníomhacha chun sábháilteacht a fheabhsú trí shraith oiliúna ar líne a sholáthar chun tacú le gnólachtaí ar fud na cathrach agus na contae.
Féach na cúrsaí atá ar fáil anseo.