Is cur chuige pobal lárnach, ísealcharbóin maidir le forbairt chinn scríbe í mallturasóireacht a thugann tús áite do thréimhsí fanachta níos faide, rannpháirtíocht fhiúntach le háit, maoirseacht chomhshaoil agus luach eacnamaíoch áitiúil a choinneáil, chun a chinntiú go bhfeabhsaíonn turasóireacht caighdeán na beatha do chónaitheoirí agus ag an am céanna go bhfeabhsaítear caighdeán an eispéiris do chuairteoirí.
- Céard atá i gceist leis an Tionscadal MALLTURAS?
- Fáilte go Féile Bia MALLTURAS
- Tábhacht an Tionscadail i Luimneach
- Sracfhéachaint ar an Tionscadal
- Céard atá i gceist le Clár Interreg Iarthuaisceart na hEorpa?
- Cuspóirí an Tionscadail
- Comhpháirtithe an Tionscadail
- MALLTURAS - Féile Bia Phíolótach Luimnigh
Céard atá i gceist leis an Tionscadal MALLTURAS?
Is tionscadal comhoibrithe Eorpach é MALLTURAS - Tairbhe á Baint as Deiseanna Oidhreachta na Mallturasóireachta, atá á mhaoiniú trí Chlár Interreg Iarthuaisceart na hEorpa.
Mar chuid den tionscadal seo tugtar le chéile cathracha, eagraíochtaí turasóireachta, ollscoileanna agus gníomhaireachtaí forbartha réigiúnacha as Éirinn, an Fhrainc, an Bheilg agus an Ghearmáin, chun scrúdú a dhéanamh ar an tslí is féidir le mallturasóireacht tacú le hathbheochan, inbhuanaitheacht agus forbairt pobail.
I mbeagán focal, tugann mallturasóireacht tús áite do chaighdeán seachas cainníocht, agus spreagtar cuairteoirí chun níos mó ama a chaitheamh in áit amháin agus aithne níos fearr a chur ar chultúr, pobail agus oidhreacht na háite sin. Seachas a bheith ag dul
ó cheann scríbe go ceann scríbe faoi dheifir, tacaítear le bealach níos fiúntaí agus níos inbhuanaithe chun aithne a chur ar áit.
Cuireann MALLTURAS na prionsabail seo i bhfeidhm i gceantair ina bhfuil oidhreacht thionsclaíoch agus comharsanachtaí nua a ligeann turasóireacht thraidisiúnta i ndearmad go minic. Ainneoin go mbíonn saibhreas féiniúlachta agus cultúir le fáil sna háiteanna seo, bíonn dúshláin le sárú iontu go minic freisin cosúil le sócmhainní oidhreachta nach bhfuil dóthain tairbhe á baint astu, gníomhaíocht turasóireachta nach bhfuil eagraithe i gceart agus deiseanna eacnamaíocha teoranta.
Tá sé mar aidhm leis an tionscadal seo déileáil leis na dúshláin seo trí mhallturasóireacht a úsáid mar uirlis chun tacú le hatógáil pobail, ionchuimsiú sóisialta, forbairt na turasóireachta inbhuanaithe, fás eacnamaíoch áitiúil agus gníomhachtú sócmhainní oidhreachta cultúrtha.
Príomhghné de MALLTURAS ná an bhéim ar leith atá á leagan ar rannpháirtíocht pobail agus ar chomhchruthú. Tugtar deis do shaoránaigh cur ar bhealach gníomhach le forbairt na turasóireachta, tá siad cosúil le scéalaithe, ambasadóirí agus comhchruthaitheoirí na n-eispéireas áitiúil barántúil.
Mar chuid den tionscadal, beidh deis ag comhpháirtithe triail a bhaint as tionscnaimh phíolótacha éagsúla, lena n-áirítear féilte oidhreachta bia, bealaí siúil agus rothaíochta, eispéiris chultúrtha thumthacha, athúsáid chruthaitheach spásanna poiblí agus tionsclaíocha, agus tionscnaimh thurasóireachta a bhfuil an pobal freagrach astu.
Cabhróidh na gníomhaíochtaí píolótacha seo chun Treoirphlean Mallturasóireachta a fhorbairt mar aon le Beartleabhar Mallturasóireachta, ina mbeidh treoir phraiticiúil le fáil do réigiúin eile ar fud na hEorpa.
Tá an cur chuige seo ag teacht le tosaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha a bhaineann le turasóireacht inbhuanaithe, forbairt réigiúnach agus folláine an phobail.
Fáilte go Féile Bia MALLTURAS
Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh lánsásta páirt a ghlacadh in MALLTURAS, tionscadal atá á mhaoiniú ag an AE a bhfuil sé mar aidhm leis scrúdú a dhéanamh ar an tslí is féidir le mallturasóireacht, oidhreacht bhia, cultúr agus rannpháirtíocht pobail tacú le forbairt na turasóireachta níos inbhuanaithe agus níos ionchuimsithí.
Mar chuid den tionscadal, forbrófar agus reáchtálfar féile bia pobail nua ar bhonn píolótach i Luimneach chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéiniúlacht áitiúil, oidhreacht, cruthaitheacht agus cultúr bia. Spreagfaidh an tionscnamh cuairteoirí chun níos mó ama a chaitheamh i gcathair Luimnigh agus tairbhe a bhaint as an gceann scríbe seo ar bhealach níos moille agus níos fiúntaí.
I rith na féile díreofar ar eispéiris áitiúla bharántúla, bunófar naisc idir daoine agus áit, agus bainfear úsáid chruthaitheach as spásanna oidhreachta agus as spásanna nach bhfuil mórán úsáide á baint astu.
Tábhacht an Tionscadail i Luimneach
Tá ról tábhachtach ag turasóireacht i bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha Luimnigh. Cosúil le go leor ceann scríbe san Eoraip, áfach, tá dúshláin le sárú i Luimneach cosúil le séasúracht, cuairteanna gearra á dtabhairt ag cuairteoirí agus gníomhaíocht turasóireachta a bheith á n-eagrú i gceantair ar leith.
Cruthaíonn an tionscadal MALLTURAS deis chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Eispéiris turasóireachta a fhorbairt atá fréamhaithe i gcultúr áitiúil agus in oidhreacht bhia
- Cuairteoirí a spreagadh chun tréimhse níos faide a chaitheamh sa cheantar agus aithne níos fearr a chur ar an áit
- Tacú le gnóthaí, táirgeoirí, an earnáil chruthaitheach agus pobail
- Spásanna tionsclaíocha agus oidhreachta a úsáid ar bhealaí nua
- Cur le rannpháirtíocht an phobail i bhforbairt na turasóireachta
- Luimneach a fhorbairt mar cheannaire chomh fada is a bhaineann leis an turasóireacht inbhuanaithe atá bunaithe ar eispéiris
- Cabhrú le foghlaim chomhroinnte agus le malartú eolais i réigiúin chomhpháirtíochta san Eoraip
Sracfhéachaint ar an Tionscadal
Ainm an Tionscadail
MALLTURAS - Tairbhe á Baint as Deiseanna Oidhreachta na Mallturasóireachta
An Clár
Clár Interreg Iarthuaisceart na hEorpa 2021–2027
Tosaíocht AE
Sochaí Chuimsitheach - Turasóireacht agus Cultúr Inbhuanaithe
Comhpháirtí Ceannais
Cathair Roubaix (An Fhrainc)
Tréimhse an Tionscadail
2025-2029 (43 mí)
Buiséad Iomlán an Tionscadail
€5.13 milliún
Maoiniú AE
€3.08 milliún (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa – CFRE)
Tionscadal Píolótach Luimnigh
Féile Bia MALLTURAS é heagrú ag an bpobal
Céard atá i gceist le Clár Interreg Iarthuaisceart na hEorpa?
Tacaíonn Clár Interreg Iarthuaisceart na hEorpa le comhoibriú idir réigiúin agus cathracha chun déileáil le dúshláin chomhshaoil, eacnamaíocha agus shochaíocha choiteanna.
I gcás Luimnigh, cuireann an clár seo ar chumas na Comhairle an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Comhoibriú le comhpháirtithe Eorpacha agus le saineolaithe turasóireachta
- Smaointe nuálaíocha a thástáil trí thionscadail phíolótacha
- Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta fadtéarmacha a fhorbairt
- Infheistíocht a dhéanamh i gcláir a thacaíonn le rannpháirtíocht pobail agus le cúrsaí cultúrtha
- Cur chuige turasóireachta atá inbhuanaithe agus curtha in oiriúint do riachtanais áitiúla a fhorbairt
- Luimneach a fhorbairt mar cheann scríbe i líonra nuálaíochta na hEorpa trí chéile
Cuspóirí an Tionscadail
Is iad seo a leanas na haidhmeanna atá luaite le tionscadal MALLTURAS:
- Ceantair thionslaíocha agus oidhreachta a athshamhlú mar chinn scríbe turasóireachta
- Mallturasóireacht a úsáid chun tacú le hathnuachan agus le forbairt eacnamaíoch
- Pobail a chur ag croílár fhorbairt na turasóireachta
- Eispéiris do chuairteoirí a fhorbairt atá fréamhaithe i bhféiniúlacht agus i gcultúr áitiúil
- Comhoibriú agus foghlaim a threisiú ar fud na hEorpa
- “Beartleabhar Mallturasóireachta” inaistrithe a chruthú
Glactar le comhchruthú mar phríomhphrionsabal an tionscadail, agus tugtar deis do shaoránaigh feidhmiú mar scéalaithe agus ambasadóirí agus tugtar deis dóibh cabhrú le forbairt na turasóireachta.
Comhpháirtithe an Tionscadail
Tá eagraíochtaí Eorpacha éagsúla páirteach i gcomhpháirtíocht MALLTURAS:
- Cathair Roubaix (An Fhrainc) Ville de Roubaix
- Gníomhaireacht Forbartha Réigiúnach IDETA (An Bheilg) IDETA - Agence de Développement Territorial - Wallonie picarde
- Cathair Roeselare (An Bheilg)
- Comhairle Cathrach na Gaillimhe (Éire) Fáilte go Comhairle Cathrach na Gaillimhe
- Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (Éire) Leathanach Baile - Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh
- Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh (Éire)
- LRETII – Líonra na Réigiún Eorpach um Thurasóireacht Iomaíoch agus Inbhuanaithe Baile | LRETII
- Cathair Pirmasens (An Ghearmáin) Stadt Pirmasens | Stadt Pirmasens
MALLTURAS - Féile Bia Phíolótach Luimnigh
I rith tionscadal píolótach Luimnigh scrúdófar an tslí is féidir nasc a chruthú idir bia, oidhreacht, cruthaitheacht agus pobail chun eispéireas turasóireachta nua a chur ar fáil. San áireamh beidh rannpháirtíocht pobail agus ceardlanna comhchruthaithe, comhoibriú le táirgeoirí, daoine cruthaitheacha agus grúpaí pobail áitiúla, agus úsáid a bhaint as spásanna tionsclaíocha agus oidhreachta mar ionaid d’fhéilte. Chomh maith leis sin, tacóidh an tionscadal píolótach le heispéiris bhia agus chultúrtha nua a fhorbairt agus bainfear triail as cur chuige a spreagann cuairteoirí chun tréimhse níos faide a chaitheamh i Luimneach agus chun aithne níos fearr a chur ar an áit. Cuirfear an méid a fhoghlaimeofar i rith an tionscadail san áireamh i mBeartleabhar Eorpach ginearálta MALLTURAS, chun tacú le cathracha agus le réigiúin eile chun tionscnaimh den chineál céanna a fhorbairt.
Tuilleadh eolais maidir le tionscadal MALLTURAS: Baile | MALLTURAS