Dréachtphlean Iompair Lár Chathair Luimnigh

I gcomhréir le hAirteagal 13(1)(b) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe), 2004, arna leasú, tugtar fógra leis seo go bhfuil Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh tar éis na nithe seo a leanas a ullmhú:

  • Dréachtphlean Iompair Lár Chathair Luimnigh, a shainaithníonn agus a chuireann in ord tosaíochta athruithe ar na socruithe iompair reatha atá de dhíth chun fís na Cathrach, mar atá leagtha amach i bPlean Forbartha Luimnigh agus i gClár an Mhéara, Tuilleadh le haghaidh Luimnigh, a chomhlíonadh, agus chun tacú le cur i bhfeidhm Straitéis Iompair Cheantar Cathrach Luimnigh Na Sionainne.
     
  • Tuarascáil Chomhshaoil ar Mheasúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) lena n-áirítear Achoimre Neamhtheicniúil) maidir leis na héifeachtaí suntasacha is dóchúla a bheidh ag cur chun feidhme an Phlean ar an gcomhshaol, i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE an 27 Meitheamh 2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú, arna trasuíomh i ndlí na hÉireann í le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe), 2004 (arna leasú); agus
     
  • Tuarascáil ghaolmhar maidir le Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí (MC), de bhun Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú, arna trasuíomh i ndlí na hÉireann le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (arna leasú).

Comhairliúchán Poiblí

Cuirfear cóip de Dhréachtphlean Iompair Lár Chathair Luimnigh, Tuarascáil Chomhshaoil MST ghaolmhar agus Tuarascáil Scagtha le haghaidh MC ar fáil le hiniúchadh ag an bpobal ó 23/07/2026 go 12/10/2026 ag na suíomhanna seo a leanas:

  • Táirseach chomhairliúcháin ar líne ag https://mypoint.limerick.ie
  • Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Cé na gCeannaithe, Luimneach, le linn gnáthuaireanta oibre.
  • Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Bóthar Thuar an Daill, Tuar an Daill, Luimneach le linn gnáthuaireanta oibre.
  • Leabharlainne – Barrow House, Leabharlann Thuar an Daill, Leabharlann Chrois Theach na Foraire.

Conas Aighneacht a Dhéanamh:

Aighneachtaí scríofa nó barúlacha maidir le Dréachtphlean Iompair Lár Chathair Luimnigh agus/nó Tuarascáil Chomhshaoil (MSC) ghaolmhar agus/nó Tuarascáil Scagtha ghaolmhar le haghaidh MC, suas go dtí 5pm an 12/10/2026 trí cheann amháin de na modhanna seo:

  • Ar líne ag https://mypoint.limerick.ie
  • Trí ríomhphost chuig citycentretransportplan@limerick.ie
  • I scríbhinn chuig:
    Rannán um Straitéis Iompair
    An Stiúrthóireacht um Iompar, Soghluaisteacht agus Ríocht Phoiblí
    Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
    Cé na gCeannaithe
    Luimneach
    V94EH90

Tabhair faoi deara na nithe seo a leanas le do thoil:

  • Ba cheart go mbeadh d’ainm agus seoladh san áireamh maidir le haighneachtaí nó barúlacha a dhéantar, agus nuair is ábhartha, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó pobal a bhfuil ionadaíocht á ndéanamh ar a son.
  • Déan d’aighneacht trí mheán amháin, i.e. ar líne, ríomhphost nó cóip chrua.
  • Cuir an ceannteideal "Dréachtphlean Iompair Lár Chathair Luimnigh" ar gach aighneacht.
  • Féadfar gach aighneacht agus bárúl a fhaightear a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Comhairle agus d’fheadaidís a bheith faoi réir forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014.

Seisiúin Faisnéise Phoiblí:

Beidh foireann na Comhairle ar fáil ag dhá sheisiún sceidealaithe buail isteach chun Dréachtphlean Iompair Lár Chathair Luimnigh a phlé agus aon cheisteanna a fhreagairt. Beidh sonraí ar fáil ag www.limerick.ie

Cosaint Sonraí

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoi réir riachtanas an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus Acht um Chosaint Sonraí 2018. Déanfar sonraí pearsanta a bheidh san áireamh sna haighneachtaí a phróiseáil de réir Ráiteas Príobháideachais na Comhairle, atá ar fáil ag www.limerick.ie

Tabhair faoi deara

Dréachtphlean Iompair Lár Chathair Luimnigh mar chuid de chur chuige comhtháite maidir le pleanáil lár cathrach, agus tá sé i gceist leis cur le agus tacaíocht a chur ar fáil do Straitéis Ríochta Poiblí Lár Chathair Luimnigh, atá beartaithe. B’fhéidir gur mhaith le páirtithe leasmhara athbhreithniú a thabhairt ar an gcomhairliúchán comhthráthach maidir le Straitéis Ríochta Poiblí Lár Chathair Luimnigh Bheartaithe, atá ar oscailt ón 23 Iúil 2026 go 12 Deireadh Fómhair 2026.

Féach ar Straitéis Ríochta Poiblí Lár Chathair Luimnigh Bheartaithe anseo.