Clár Méarachta Luimnigh 2024-2029

Cruthaíodh an ról nua de Mhéara dírthofa chun soláthar seirbhísí agus freagracht dhaonlathach a fheabhsú i Luimneach. Mar chuid den ghealltanas sin, foilsítear doiciméad dar teideal ‘An Clár Méarachta,’ lena dtugtar achoimre ar chlár an Mhéara maidir le tréimhse na hoifige. Ceanglaítear leis an ról tuarascálacha ráithiúla, ina leagtar amach na gníomhartha a bhaintear amach gach ráithe.

Mayor of Limerick, John Moran at the inauguration of Limerick's first ever directly elected Mayor on June 21, 2024, in a ceremony held in St Mary’s Cathedral. Photo: Don Moloney

Clár Méarachta

Tá fís uaillmhianach do thodhchaí Chathair agus Chontae Luimnigh nochta ag Méara Luimnigh, John Moran le foilsiú Chlár Mhéara Luimnigh 2024-2029, dar teideal ‘More for Limerick’ (Níos Mó do Luimneach). Leagtar amach sa doiciméad cuimsitheach 138 leathanach seo fís agus spriocanna an Mhéara maidir lena théarma oifige, faoi mar a shainordaítear san Acht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024.

Download

Plean Gníomhaíochta Méarachta

Leagann John Moran, Méara Luimnigh, a fhís straitéiseach agus a thionscnaimh lárnacha amach, atá beartaithe do na chéad 101 lá dá théarma. Tá an doiciméad sin mar threochlár chun gníomhartha dírithe ar fheabhsú seirbhísí agus ar chothú fáis a chur chun tosaigh i gCathair agus i gContae Luimnigh.

Download

Tuarascáil Ghníomhaíochta 101 Lá

Foghlaim tuilleadh faoi na garspriocanna atá bainte amach ag John Moran, Méara Luimnigh, agus ag a fhoireann i rith a chéad 101 lá san oifig. Leis an tuarascáil sin cuirtear chun suntais na gníomhartha suntasacha a glacadh chun seirbhísí agus freagracht a fheabhsú agus oifig nua a bhunadh le haghaidh sholáthar an chláir, agus tá gach rud dírithe ar fhás agus ar dhul chun cinn Luimnigh a spreagadh.

Download