Méara Luimnigh a Thoghfar go Díreach

Ar an 7 Meitheamh 2024, vótáilte muintir Luimnigh dá gcéad Mhéara a thoghfar go díreach agus cumhachtaí feidhmiúcháin aige. Shínigh an tUachtarán reachtaíocht chun an ról nua seo a chruthú ina dlí an 6 Márta 2024.

  • 2024 Directly Elected Mayor of Limerick GAE
  1. Cúlra an Mhéara nua a thoghfar go díreach
  2. Ról an Mhéara a thoghfar go díreach
  3. Eintitis a thacaíonn leis an Méara a thoghfar go díreach
  4. Róil eile ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

1. Cúlra an Mhéara nua a thoghfar go díreach

Pobalbhreith 2019

  • I mí na Bealtaine 2019, vótáil muintir chathair agus chontae Luimnigh i bhfabhar togra le haghaidh Méara a thoghfar go díreach agus a bheidh feidhmeanna feidhmiúcháin aige.

Dearadh Oifig Mhéara chathair agus chontae Luimnigh a thoghfar go díreach

  • Bhí réimse leathan páirtithe leasmhara ó chathair agus ó chontae Luimnigh páirteach sa phróiseas chun dualgais agus ról sonrach an Mhéara a thoghfar go díreach a shainiú, amhail ionadaithe ón bpobal gnó áitiúil, ó na hearnálacha acadúla, sláinte agus pobail, agus ón bpobal i gcoitinne.
  • Chuir baill agus feidhmeannaigh na Comhairle leis freisin, agus tharraing na rannpháirtithe as staidéir a d’fhéach ar mhéaraí tofa i ndlínsí eile ar fud an domhain.

Reachtaíocht

  • Shínigh an tUachtarán an reachtaíocht chun an ról nua seo a chruthú go luath i mí an Mhárta 2024.
  • Beidh toghchán ann anois chun Méara a roghnú, agus reáchtálfar é in éineacht leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar an 7 Meitheamh.
  • Is é Luimneach an chéad údarás áitiúil riamh in Éirinn ina mbeidh na vótóirí in ann a Méara a thoghadh go díreach, agus is é an duine a n-éireoidh leis a bheith ar an gcéad mhéara i stair na tíre a mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin aige.

Ar ais go barr


2. Ról an Mhéara a thoghfar go díreach

Ról an Mhéara i gComhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

  • Trí phost Méara a thoghfar go díreach do chathair agus do chontae Luimnigh a chruthú, cuirfear feabhas ar sheachadadh seirbhíse agus feabhsófar cuntasacht dhaonlathach laistigh de Luimneach, agus is buntáistí móra iad araon do chónaitheoirí uile an chontae.
  • Beidh ról feidhmiúcháin agus ionadaíoch ag an Méara i gComhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
    • Feidhmeannach – glacfaidh an Méara freagracht as go leor de na feidhmeanna atá á gcomhlíonadh ag an bPríomhfheidhmeannach faoi láthair, atá ina phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoi láthair.
    • Ionadaí – glacfaidh an Méara ról chéad saoránach Luimnigh, atá ag an gCathaoirleach faoi láthair, agus mar sin déanfaidh sé ionadaíocht ar an gcathair agus ar an gcontae go háitiúil, ar an stáitse náisiúnta agus i suíomh idirnáisiúnta. Beidh iarrthóir a roghnaigh muintir Luimnigh trí vóta díreach daonlathach ag déanamh ionadaíochta ar a son.

Feidhmeanna feidhmiúcháin an Mhéara – athrú suntasach

  • Beidh Méara Luimnigh a thoghfar go díreach uathúil in Éirinn mar go mbeidh sé/sí ar an gcéad mhéara a mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin aige/aici. Ciallaíonn sé sin go mbeidh sé/sí in ann straitéisí agus tionscnaimh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a rachaidh chun tairbhe do chathair agus do chontae Luimnigh.
  • Mar thoradh air sin, tiocfaidh athrú ó bhonn ar oifig an Mhéara i Luimneach: tá sealbhóir oifige ag teacht in áit an róil reatha a dhéanfaidh sainmhíniú agus maoirseacht phearsanta ar chuid mhór de na beartais a mhúnlaíonn gníomhaíochtaí an údaráis áitiúil.
  • Seo a leanas cuid de na réimsí a chumhdaítear le cumhachtaí feidhmiúcháin an Mhéara:
    • Pleanáil straitéiseach – déanfaidh an Méara pleananna fadtéarmacha a dhearadh agus a mholadh a thiomáinfidh forbairt eacnamaíoch agus spásúil Luimnigh ina iomláine, amhail plean forbartha Luimnigh
    • Straitéis tithíochta – cuirfidh an Méara straitéis tithíochta chun cinn do Luimneach agus cinnteoidh sé/sí go gcuirfear i gcrích í
    • Iompar de bhóthar – díreoidh an Méara ar iompar agus sábháilteacht ar bhóithre i Luimneach, lena mbainfidh cothabháil agus feabhsú bóithre, chomh maith le bainistíocht tráchta
    • Comhshaol – forbróidh an Méara seirbhísí a chosnaíonn agus a fheabhsaíonn an comhshaol i Luimneach

Clár an mhéara

  • Nuair a rachaidh an Méara i mbun oifige, cuirfidh se/sí doiciméad ar fáil a mhíníonn a f(h)ís agus a c(h)uspóirí dá t(h)réimhse mar Mhéara. Tabharfar clár an mhéara ar an gcáipéis seo, agus fanfaidh sé i bhfeidhm ar feadh théarma oifige iomlán an Mhéara.

Téarma oifige

  • Beidh an toghchán don Mhéara ar siúl ar an lá céanna leis an toghchán áitiúil do chomhairleoirí Luimnigh.
  • Fanfaidh an Méara in oifig ar feadh cúig bliana mar go bhfuil an timthriall toghchánaíochta céanna ag an ról nua seo agus atá ag na comhairleoirí.
  • Is féidir leis an Méara dhá théarma oifige ar a mhéad a chur isteach. Is féidir leis an dá théarma seo a bheith comhleanúnach nó neamh-chomhleanúnach.

Méara tofa go díreach agus Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

  • Gheobhaidh an Méara maoiniú breise ón rialtas láir chun a c(h)lár a chur i ngníomh. Ina theannta sin, beidh sé/sí freagrach as buiséad bliantúil Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a mholadh do chomhairleoirí, a vótálfaidh ar an mbuiséad seo.
  • Ní hamháin go mbeidh an Méara freagrach don phobal ag am toghcháin – agus é/í in oifig, déanfaidh comhairleoirí grinnscrúdú ar a f(h)eidhmíocht ag cruinnithe iomlánacha na comhairle. Tá Comhairleoirí i dteideal staidéar a dhéanamh ar thuairiscí an mhéara agus é/í a cheistiú agus páirt a ghlacadh i gceisteanna an Mhéara.

Ar ais go barr


3. Eintitis a thacaíonn leis an Méara a thoghfar go díreach

  • Beidh cruthú an phoist nua mar Mhéara a thoghfar go díreach ina imeacht ó struchtúr reatha dhá cholún an rialtais áitiúil i gComhairle Cathrach agus Contae Luimnigh. Is ionann é agus aistriú chuig struchtúr trí cholún ina bhfuil:
    • Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh tofa
    • Méara a thoghfar go díreach
    • Ard-Stiúrthóir – an Príomhfheidhmeannach roimhe seo

Struchtúir nua chun tacú leis an Méara

  • Éascóidh Fóram Comhairliúcháin Méarachta agus Rialtais Luimnigh plé idir an Méara agus an rialtas náisiúnta.
  • Tacóidh Coiste Forfheidhmithe leis an Méara agus le clár an mhéara, ina leagfar amach an fhís agus na cuspóirí do théarma oifige an Mhéara.
  • Díreoidh Bord Seachadta Thionscadal Luimnigh Éireann 2040 ar na príomhstraitéisí pleanála agus bonneagair i gceantar Luimnigh a chur i bhfeidhm. Is é an Méara a bheidh ina c(h)athaoirleach ar an mbord.
  • Beidh an Méara ina c(h)athaoirleach freisin ar Fhoghrúpa Iompair Bhord Seachadta Luimnigh, le béim ar bhonneagar agus ar sheirbhísí iompair.

Foireann

  • Beidh cúigear ball foirne riaracháin ag an Méara chun tacú lena (h)oifig. D’fhéadfadh comhairleoir speisialta a bheith i gceist má roghnaíonn an Méara amhlaidh, agus sa chás sin beidh comhairleoir agus ceathrar ball foirne riaracháin ann.
  • Tiocfaidh deireadh le téarma ceapacháin comhairleora speisialta nuair a scoirfidh an Méara de bheith i seilbh oifige.
  • Tarraingeofar gach ball foirne riaracháin ó fhostaithe na n-údarás áitiúil.

Comhlachtaí eile

  • Beidh an Méara ina b(h)all go huathoibríoch de roinnt comhlachtaí rialtais áitiúil agus réigiúnacha:
    • Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh - mar chomhalta de bhrí oifige den chomhairle, beidh an Méara faoi réir na gceart, na bhfreagrachtaí agus na ndualgas céanna leis na comhaltaí tofa eile
    • Tionól Réigiúnach an Deiscirt
    • An Coiste Forbartha Pobail Áitiúil

Ar ais go barr


4. Róil eile ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Comhairle thofa

  • Coinníonn an chomhairle thofa a tosaíocht agus feidhmíonn sí ról ríthábhachtach rialachais i maoirseacht an Mhéara. Ní chailleann sí a cumhachtaí agus a feidhmeanna reatha.
  • Beidh an Méara freagrach go hiomlán don chomhairle thofa maidir lena f(h)eidhmeanna feidhmiúcháin méarachta, lena n-áirítear trí thuarascáil an mhéara agus trí cheisteanna an mhéara ag cruinnithe iomlánacha na comhairle.

Feidhmeanna forchoimeádta

  • Tá feidhmeanna forchoimeádta ag an gcomhairle thofa. Ní athróidh siad sin. Ina measc tá:
    • Buiséad bliantúil na Comhairle a ghlacadh trí vótáil
    • Beartais na Comhairle a ghlacadh
    • An ráta cánach réadmhaoine áitiúil a athrú
    • Plean forbartha cathrach agus contae a dhéanamh
    • Cinneadh a dhéanamh ar an ráta bliantúil ar luacháil le haghaidh rátaí tráchtála
    • Talamh comhairle a dhíol nó a dhiúscairt
    • Scéimeanna deontais a fhaomhadh
    • Plean corparáideach agus plean seachadta seirbhíse a ghlacadh

Príomhchomhairleoir agus a f(h)eidhmeanna

  • Ní bheidh Cathaoirleach ann a thuilleadh. Ina áit sin, beidh an Príomhchomhairleoir ina c(h)athaoirleach ar chruinnithe na comhairle tofa agus feidhmeoidh sé/sí mar Cheann Comhairle aici, le tacaíocht ón Leas-Phríomhchomhairleoir.

Ard-Stiúrthóir

  • Tagann an tArd-Stiúrthóir in ionad an Phríomhfheidhmeannaigh. Beidh réimse feidhmeanna feidhmiúcháin fós faoi chúram an Ard-Stiúrthóra. Baineann a c(h)umhachtaí agus a f(h)reagrachtaí le hoibriú laethúil Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

Forbhreathnú ar fheidhmeanna an Ard-Stiúrthóra

  • Is é ról an Ard-Stiúrthóra tacú leis an Méara agus oibriú laethúil an údaráis áitiúil a bhainistiú. Tá feidhmeanna sonracha ann a fhanfaidh leis an Ard-Stiúrthóir agus a bhfuil siad freagrach don chomhairle ina leith. Is féidir iad seo a achoimriú mar:
    • Riar scéimeanna, deontas agus iasachtaí, lena n-áirítear cinntí maidir le hiarratais faoi achtacháin do dheonú ceada, faofa, ceadúnaithe, toilithe, deimhnithe, ceadúnas, nó cineál eile údaraithe reachtúil a dheonú
    • AD agus cúrsaí foirne na n-údarás áitiúil, lena n-áirítear baill foirne a cheapadh agus straitéisí AD a ullmhú
    • Feidhmeanna a eascraíonn as ról an oifigigh chuntasaíochta, bainistíocht agus cuntasaíocht a dhéanamh ar airgeadas na comhairle
    • Feidhmeanna a bhaineann le vótaíocht a dhéanamh agus le toghcháin a bhainistiú
    • Feidhmeanna a eascraíonn as oibriú príomhscéimeanna agus comhaontuithe seirbhíse amhail Seirbhísí Comhroinnte Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)
    • Cúrsaí comhlíonta agus forfheidhmithe agus imeachtaí dlí a thionscnamh a eascraíonn as na feidhmeanna sin

Athbhreithniú ar an reachtaíocht agus ar ról an Mhéara

  • Tá foráil sa reachtaíocht chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú na reachtaíochta laistigh de thrí bliana. Cuirfidh sé seo, mar aon le ról an Fhóraim Chomhairligh, ar chumas ról an Mhéara a thoghfar go díreach a fhorbairt agus a leathnú tuilleadh as seo amach.

Ar ais go barr