Bóthar Dáileacháin Uí Chuanach go Cnoc an Lisín

D’fhógair Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh go bhfuil conradh tógála de luach €31 milliún sínithe go hoifigiúil le Wills Brothers Ltd do Scéim Bhóthar Dáileacháin Uí Chuanach go Cnoc an Lisín in Eanáir 2025.

Cuirfidh an tionscadal claochlaitheach seo deiseanna suntasacha eacnamaíochta agus sóisialta ar fáil i Maigh Rois agus sa cheantar níos leithne.

I measc na n-oibreacha, beidh débhealach uirbeach nua 2.1 km á thógáil, feabhsuithe móra déanta ar bhóithre atá ann cheana, agus forbairt á dhéanamh ar áiseanna do choisithe agus rothaithe a bheidh i gcomhréir le caighdeáin DMURS. Beidh oibreacha gaolmhara suntasacha mar chuid den tionscadal freisin amhail seirbhísí beo a atreorú, córais séarachais nua agus tírdhreachú.

Cuirfear an tionscadal i gcrích i gcéimeanna agus an débhealach idir Uí Chuanach agus Cnoc an Lisín beartaithe le hoscailt i ndiaidh an chéad 12 mhí. Ceaptar go mbeidh an tionscadal ina iomláine curtha i gcrích i gceann 24 mhí.

Dúnadh Bhóthar Chnoc an Lisín

D’fhonn na hoibreacha leanúnacha ar Thionscadal Bhóthar Dáileacháin ó Cuanach go Cnoc an Lisín a éascú, cuirfear dúnadh iomlán ar Bhóthar Chnoc an Lisín i bhfeidhm ón 28 Samhain 2025 go dtí Meitheamh 2026. Déantar é seo chun scartáil Dhroichead Bhaile na Neanta agus na hoibreacha gaolmhara go léir feadh Bhóthar Chnoc an Lisín a éascú. Is é an bealach atreoraithe a bheidh á chur i bhfeidhm ná an débhealach príomhlíne nuathógtha agus Bóthar Ceangail Maigh Rois nuathógtha. Taispeántar an bealach atreoraithe ar na léarscáileanna gaolmhara. Is oth le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh aon mhíchaoithiúlacht.

This service is provided by

Place-Making and Public Realm

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, 7/8 Patrick Street, Limerick, V94 XF67