Aimsigh tuilleadh faoi phleanáil, beartas agus monatóireacht Athbheochana Luimnigh.
Aimsigh tuilleadh faoi Chlár Athbheochana Luimnigh:
Nochtadh Plean Forfheidhmithe Chreat Athghiniúna Luimnigh ar Aoine, an 27 Meán Fómhair, 2013. Sa doiciméad 500 leathanach seo, leagtar amach plean 10 mbliana do Chlár Athbheochana Luimnigh faoi na trí cholún: Fisiceach, Sóisialta agus Eacnamaíoch.
Chlúdaigh An t-Athbhreithniú ar Phlean Forfheidhmithe Athbheochana Luimnigh an dá bhliain ó foilsíodh CFAL i mí Feabhra 2016.
Leis an gCód Deartha agus Ríochta Poiblí do Limistéir Athbheochana Luimnigh, cuidítear leis na caighdeáin is fearr i dtaca le dearadh uirbeach agus comhfhorbairt áite a bhaint amach go leanúnach i Luimneach. Treoir achomair, fhíseach is ea é ina mínítear go soiléir ionchais Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh maidir le paraiméadair dheartha don timpeallacht thógtha agus an ríocht phoiblí.
Chun tuairiscí chun dáta a fháil gach mí ar an gClár Athghiniúna agus Gníomhaíochtaí eile de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, féach Tuarascálacha Feidhmeannais Luimnigh: https://www.limerick.ie/council/services/your-council/executive-reports/executive-reports