Is eagraíocht náisiúnta í an Chosaint Shibhialta ina bhfuil oibrithe deonacha oilte a thugann a gcuid ama shaoir chun freastal ar a bpobail. Is iad na hoibrithe deonacha a príomhshócmhainn, agus tá siad spreagtha, gairmiúil agus dea-oilte.
Bunaíodh an Chosaint Shibhialta ar dtús sna 1950idí mar chuid den fhreagairt chosanta náisiúnta ar ghuaiseacha a d’eascair as cásanna in aimsir chogaidh amhail radachur, cogaíocht cheimiceach nó bhitheolaíoch. Tar éis aonaid áitiúla a bhunú, d’earcaigh teagascóirí, ar cuireadh oiliúint orthu sa Scoil Náisiúnta Cosanta Sibhialta, baill nua agus chuir siad oiliúint orthu go háitiúil.
Le deireadh an Chogaidh Fhuair ag deireadh na 1980idí, athraíodh béim na Cosanta Sibhialta go béim ar thacaíocht an phobail agus ar fhreagairt éigeandála. Chomh maith le freastal ar an bpobal ar bhealaí éagsúla, feidhmíonn Cosaint Shibhialta anois freisin mar sheirbhís tacaíochta do na Príomhghníomhaireachtaí Freagartha (Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh, agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, An Garda Síochána Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte). Go dtí an lá atá inniu ann, tá an Chosaint Shibhialta ag forbairt i gcónaí agus déanann sí a dícheall aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le domhan atá ag síorathrú.
I measc na samplaí de ghníomhaíochtaí agus d’imeachtaí ar chuidigh Cosaint Shibhialta leo tá:
- An fhreagairt náisiúnta ar COVID-19
- Cuidiú le hionaid scíthe a bhunú do dhídeanaithe ón Úcráin
- Cuardaigh uisce agus talún le haghaidh daoine atá ar iarraidh
- Stoirmeacha móra amhail Darwin agus Emma
- Freagairt ar Thuilte agus ar Aimsir Fhuar
- Imeachtaí móra pobail amhail Limerick Riverfest agus The Great Limerick Run
- Mórimeachtaí a bhfuil suim idirnáisiúnta ag baint leo amhail Craobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann agus Pró-Am JP McManus
- Imeachtaí Éagsúla Carthanachta Pobail
Ranganna Oiliúna Chosaint Shibhialta Luimnigh
Reáchtáiltear ranganna oiliúna d’oibrithe deonacha le haghaidh gach Seirbhíse Cosanta Sibhialta i rith na bliana.
Seo a leanas sampla den oiliúint a cuireadh ar fáil;
- Práinnfhreagairt leighis
- Cumarsáid raidió
- Cuardach maidir le duine atá ar iarraidh (uisce & talamh)
- Faireachán ar radaíocht
- Tarrtháil uisce
Tiomáint easbhóthair agus tiomáint adhaimsire