Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2026

Tugann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh cuireadh do Léirithe Spéise (EOI) ar mhaoiniú ó ghrúpaí pobail baile/sráidbhaile a bhféadfadh tionscadail oiriúnacha a bheith acu le breithniú faoi Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2026 na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Sheol Dara Calleary, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2026 (SABS) Dé Céadaoin, an 16 Meán Fómhair. 

Ceapadh an Scéim 2026 chun tacú le hathbheochan cheantair thuaithe na hÉireann trí dhíriú ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i lár bailte a spreagadh agus ar athghiniúint shóisialta. 

Bainfear é sin amach trí thionscadail a thacaíonn le cruthú fostaíochta inbhuanaithe, le hathléimneacht agus athghiniúint lár bailte, lenár sráid-dreacha a fheabhsú, agus le foirgnimh agus tailte folmha nó tréigthe a chur in úsáid arís mar spásanna ilchuspóireacha pobail trí athchóiriú agus athnuachan.

Déanfar measúnú ar gach léiriú spéise a gheofar faoin scéim iomaíoch seo i bhfianaise na gcineálacha gníomhaíochtaí a dtacaítear leo, mar a leagtar amach in Achoimre na Scéime, agus tabharfar tosaíocht do thionscadail ar féidir leo a léiriú conas a ailíníonn siad le cuspóirí na mbeartas rialtais Ár dTodhchaí Tuaithe – Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann agus Lár Bailte ar dTús – Cur Chuige Beartais do Bhailte na hÉireann

Seo a leanas samplaí de thionscadail atá incháilithe do mhaoiniú agus de ghníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin scéim seo:

  • Tionscadail forbartha a spreagfaidh gníomhaíocht eacnamaíoch agus líon na gcuairteoirí a mhéadú, a thabharfaidh aghaidh ar fholúntas agus ar dhearóiliú, agus a chinnteoidh athúsáid foirgneamh oidhreachta agus foirgneamh eile atá ann cheana.
  • Forbairt pláis i lár bailte agus sráidbhailte, spásanna poiblí bia faoin aer, páirceanna, spásanna glasa (lena n-áirítear cuibhrinn agus gairdíní pobail) agus spásanna nó áiseanna fóillíochta atá lonnaithe i lár bailte agus sráidbhailte.
  • Uasghrádú agus feabhsú ar aghaidheanna siopaí agus aghaidheanna sráide i mbailte agus sráidbhailte.
  • Tionscadail a thacaíonn le bunú nó athghiniúint margaí i lár bailte agus sráidbhailte, amhail margaí feirmeoirí, margaí faoin aer agus margaí ceardaithe.
  • Athchóiriú/ uasghrádú ar ionaid phobail atá ann cheana (i gcás ina bhfuil riachtanas nó réasúnaíocht sainaitheanta go soiléir – tá ceistneoir breise i gceist leis sin).
  • Tionscadail lena gcuirtear foirgnimh agus láithreáin fholmha nó thréigthe ar ais in úsáid mar spásanna ilchuspóireacha pobail, lena n-áirítear athchóiriú foirgneamh nó forbairt láithreán mar thairbhí ilchuspóireacha pobail (áirítear ar úsáid ilchuspóireach spásanna fiontraíochta, na healaíona, turasóireacht, moil óige, páirceanna, páircíní, cuibhrinn agus limistéir shúgartha).
  • Tionscadail um ghníomhú ar son na haeráide agus um bithéagsúlacht atá comhtháite le hathghiniúint lár bailte.
  • Feabhsú ar thairbhí oidhreachta atá suite i mbailte agus sráidbhailte, lena n-áirítear bearta éifeachtúlachta fuinnimh.

Faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2026, is féidir uasmhéid de 6 Léiriú Spéise a roghnú chun dul ar aghaidh chuig céim na hiarrata iomláine lena gcur faoi bhráid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta faoi na ceannteidil seo a leanas;

Príomhscéim

  • Tionscadail idir €50,000 agus €300,000 - is féidir uasmhéid de 3 Léiriú Spéise a roghnú chun dul ar aghaidh chuig céim na hiarrata iomláine
  • Tionscadail idir €300,001 agus €500,000 - is féidir Léiriú Spéise amháin a roghnú chun dul ar aghaidh chuig céim na hiarrata iomláine

Beart Forbartha Tionscadail (PDM)

  • Tionscadail suas le €50,000 - is féidir uasmhéid de 2 Léiriú Spéise chaighdeánacha a roghnú chun dul ar aghaidh chuig céim na hiarrata iomláine i leith costas forbartha, e.g. dearadh mionsonraithe, ullmhúchán don phleanáil agus/nó don soláthar, breithniú ar ghnéithe gníomhaithe ar son na haeráide, measúnuithe cuí, ect... i leith tionscadal straitéiseach meánmhéide nó mórscála amháin amach anseo

Ba chóir a thabhairt faoi deara nach ráthaítear go huathoibríoch faomhadh cistithe faoin gcatagóir seo go mbeidh tacaíocht ar fáil amach anseo faoin Scéim chun an tionscadal atá ag teacht chun cinn a sheachadadh. Beidh na tionscadail a eascróidh as sin le cur isteach mar is gnách faoi phróiseas iomaíoch na Scéime.

Baineann uasráta deontais 90% de chostais iomlána an tionscadail le gach tionscadal, suas go dtí na huasluachanna deontais agus íosráta cistithe meaitseála de 10% de chostas iomlán an tionscadail. Ní bheidh cistí a fuarthas faoi scéimeanna nó cláir reatha de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, ná faoi shruthanna eile cistithe poiblí, incháilithe lena n-úsáid mar chistiú meaitseála.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór foirmeacha Léirithe Spéise a chomhlánú agus a chur isteach ar líne tríd an nasc seo a leanas - https://mypoint.limerick.ie/en/applications. Is é meán lae Dé hAoine, an 04 Nollaig 2026, an dáta deiridh d’iarratais.

Chun go mbreithneofar aon Léiriú Spéise faoin bPríomhscéim le haghaidh gearrliostaithe agus cur faoi bhráid na Roinne, ní mór an méid seo a leanas a bheith san áireamh ann:

  • Cead Pleanála/Dearbhú faoi Alt 5, agus
  • Scagadh Measúnachta Cuí, nuair is gá, agus
  • I gcás go mbaineann tionscadal le hoibreacha ar fhoirgnimh nó ar thailte nach bhfuil faoi lánúinéireacht an iarratasóra, ní mór léas a bheith i bhfeidhm tráth an iarratais ar feadh tréimhse íosta 15 bliana ó dháta críochnaithe an tionscadail.

Ní mór gach ceist ar an bhfoirm Léirithe Spéise a fhreagairt, agus doiciméid tacaíochta bhailí a uaslódáil nuair a iarrtar orthu.

Clinicí Faisnéise Buail Isteach

Reáchtálfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh clinicí faisnéise buail isteach, a leagtar amach thíos, agus beidh deis ag grúpaí pobail plé a dhéanamh ar thionscadail fhéideartha ina bpobail agus aon cheisteanna atá acu faoi Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2026 a chur;

  • Cill Mocheallóg - Déardaoin an 15 Deireadh Fómhair 3pm go 7pm - Óstán Deebert House, An Díbeart, Cill Mocheallóg, V35 KV62
  • Tobar Phádraig - Dé Máirt an 20 Deireadh Fómhair 3pm go 7pm - Ionad Pobail Thobar Phádraig, An Phríomhshráid, Tobar Phádraig, V94 3K59
  • Cathair Chinn Lis - Dé Máirt an 10 Samhain 3pm go 7pm - Ionad na Mílaoise, The Square, Cathair Chinn Lis, V94 CC60
  • Teampall an Ghleanntáin - Déardaoin an 19 Samhain 3pm go 7pm - Óstán The Devon Inn, Teampall an Ghleanntáin Thoir, Teampall an Ghleanntáin, V94 H489

Ba chóir aon fhiosrúcháin a chur chuig an Roinn Forbartha Tuaithe trí ríomhphost ag TownAndVillageRenewal@limerick.ie nó trí ghlaoch ar 061 - 556008.

CLOÍFEAR GO DOCHT LEIS NA DÁTAÍ DEIRIDH

Logos of Government of Ireland, Our Rural Future and Limerick City and County Council

This service is provided by

Rural, Community and Culture Directorate

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick V94 EH90