Tugtar fógra leis seo go ndearna Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh Plean Ceantair Áitiúil An Caisleán Nua 2023 – 2029, de bhun fhorálacha an An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Leasú), agus gur ghlac Comhaltaí Tofa Cheantair Bardasach an Chaisleán Nua, Chathair agus Chontae Luimnigh leis ar an 6úNollaig 2023. Tiocfaidh an Plean Ceantair Áitiúil i bhfeidhm ón 25 Eanáir 2024.
Áirítear sa phlean an Plean Iompair Áitiúil, Measúnú Straitéiseach Riosca Tuilte Tuarascáil Chomhdhlúite Tionchair Natura Ráiteas Conclúide maidir le Measúnacht Chuí (AA), Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MSC) agus Ráiteas um Measúnú Straitéiseach Timpeallachta.
Is féidir freisin iniúchadh a dhéanamh ar chóip den Phlean sna leabharlanna poiblí i Mainistir na Féile agus Caisleán Nua le linn gnáthuaireanta oscailte.Tá an plean ar fáil freisin ar shuíomh Gréasáin na Comhairle thíos anseo.
Is féidir an plean a cheannach ar phraghas €25.00 ón Stiúrthóireacht um Pleanáil agus Déanamh Áite, Cé na gCeannaithe, Luimneach.