Díolúintí Nua do Chineálacha Forbairtí Cónaithe

Leathnaíonn na leasuithe seo an méid is féidir le húinéirí tí a thógáil gan iarratas a dhéanamh ar chead pleanála

Tháinig na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt Nua (Forbairt Dhíolmhaithe), 2026, i bhfeidhm Dé Luain an 27 Iúil, a éascaíonn cineálacha áirithe forbartha ar mian le húinéirí tí a dhéanamh laistigh dá réadmhaoin.

Tá dhá Aicme nua díolúine sna Rialacháin – baineann Aicme 1A le fo-roinnt áitribh chónaithe agus baineann Aicme 3A le soláthar Áitribh Chónaithe Chúnta Scoite (DAD) laistigh de chúirtealáiste tí.

Cuirtear in iúl d’iarratasóirí, chun leas a bhaint as díolúine faoi Aicme 1A agus Aicme 3A, nach mór fógra a chur faoi bhráid an Údaráis Pleanála laistigh de 14 lá roimh thús na bhforbairtí sin.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil sraith coinníollacha le comhlíonadh chun ceanglais na ndíolúintí a chomhlíonadh. Moltar go láidir d’úinéirí tí agus dá ngníomhairí iad féin a chur ar an eolas faoi na ceanglais reachtacha shonraithe go léir.

Éilíonn an próiseas Fógraíochta foirm a chomhlánú agus a chur faoi bhráid na Roinne Pleanála, agus is féidir é sin a fháil ar an nasc thíos. Beidh sé de fhreagracht ar úinéir an tí a chinntiú go gcomhlíontar na forálacha reachtaíochta go hiomlán (féach IR 338 agus IR 340).

Más mian leat dul i gcomhairle leis an Roinn Pleanála sula dtéann tú ar aghaidh le forbairt, tá seirbhís comhairliúcháin réamhphleanála ar fáil. Déan teagmháil le pre-planning@limerick.ie chun coinne a dhéanamh.

This service is provided by

Planning Development

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Dooradoyle, Limerick V94 XF67