In 2019, vótáil muintir Luimnigh ar son Méara atá tofa go díreach a chur chun feidhme, rud atá ina chéim shuntasach i dtreo freagracht dhaonlathach agus rialachas áitiúil a fheabhsú.
Is é John Moran an [829ú] Méara ar Luimneach ach thairis sin, tá sé ar an gcéad Mhéara Dírthofa i Luimneach, go deimhin an chéad Mhéara dírthofa in Éirinn agus chuaigh sé i mbun oibre i Mí an Mheithimh, 2024. Is de bhunadh Luimnigh é John agus é bródúil as, agus d’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Naomh Pól, Tuar an Daill agus ar Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Uí Sheasnáin, sular ghnóthaigh sé Céim sa Dlí i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus Máistreacht i Scoil Wharton agus i Scoil Dlí na hOllscoile Pennsylvania.
Ag Tacú leis an Méara: An Fhoireann
Tacaíonn foireann dhíograiseach ina bhfuil seisear foireann riaracháin leis an Méara chun a chinntiú go bhfuil a sainordú curtha i gcrích go rathúil, i gcomhar le comhairleoir speisialta. Tá ról na foirne ríthábhachtach chun straitéisí oifig an Mhéara a chur chun feidhme agus feidhmeanna éagsúla oifig an Mhéara a bhainistiú, chun rialachas éifeachtach a chur chun cinn agus rannpháirtíocht an chomhphobail a fheabhsú.
Méara Luimnigh a Thoghfar go Díreach
Thosaigh an t-aistear i dtreo an róil nua seo nuair a vótáil saoránaigh Luimnigh go mór ar son an togra i reifreann áitiúil. Mian an phobail le haghaidh ceannasaíocht níos éifeachtaí agus le haghaidh rannpháirtíocht níos mó sa phróiseas polaitiúil ba chúis leis an ngluaiseacht maidir le hathrú. Tar éis cuid mhór comhairle le páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear gnólachtaí áitiúla, grúpaí pobail agus saoránaigh, sainmhíníodh saindualgais agus cumhacht an ról nua go cúramach.