Bóthar Dáileacháin Thuaisceart Luimnigh

Tá tús curtha ag Comhairle Contae an Chláir, i gcomhar le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, leis an bpróiseas pleanála chun forbairt Bhóthar Dáileacháin Thuaidh Luimnigh agus an bhonneagair ghaolmhar a chur chun cinn ó shuíomh i gcóngaracht an taobh oirthearach Bhealach Straitéiseach Uí Chuanach-Cnoc an Lisín chun ceangal leis an R445 (Sean N7) i gContae Luimnigh.

Cuimseoidh an scéim dearadh agus tógáil thart ar 10km de bhóthar dáileacháin thuaidh lena n-áireofar trasnú cainéal uisce Ard na Croise agus Abhainn na Sionainne, le trasbhealaí féideartha ar an Abhainn Dubh agus ar an Mhaoilchearn.

Gá leis an Scéim

Aithníodh an gá atá leis an scéim i Staidéar Pleanála, Úsáid Talún agus Iompair Luimnigh do Mhórcheantar Luimnigh a d’ullmhaigh Comhairle Contae an Chláir, Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh agus Comhairlí Cathrach agus Contae Luimnigh. D’aithin an staidéar go leor saincheisteanna straitéiseacha ar ghá breithniú a dhéanamh orthu i bpleanáil an réigiúin amach anseo lena n-áirítear an gá atá le soláthar bóthar dáileacháin thuaidh timpeall Chathair Luimnigh agus droichead nua trasna na Sionainne lastuaidh de Chathair Luimnigh.

Tá sé molta i dTuarascáil Fitzgerald Ag Dul i ngleic le saincheisteanna Eisiaimh Shóisialta i Maigh Rois agus i gceantair eile faoi mhíbhuntáiste i gCathair Luimnigh (Aibreán 2007) go ndéanfaí dul chun cinn ar bhóthar dáileacháin ó thuaidh de Chathair Luimnigh chun gníomhaíocht eacnamaíoch a fhorbairt agus deireadh a chur le leithlisiú an cheantair dhíothachta seo.

Déanann na pleananna forbartha áitiúla agus contae éagsúla a d’fhoilsigh Comhairle Contae an Chláir agus Comhairlí Cathrach agus Contae Luimnigh soláthar do sheachadadh na scéime bóithre atá beartaithe.

Cuspóirí na Scéime

Soláthróidh an scéim mholta bóthar dáileacháin thuaidh timpeall Chathair Luimnigh, ag feabhsú inrochtaineachta chuig an gcathair ó Chontae an Chláir agus ag laghdú brú ar na trasbhealaí abhann i Lár na Cathrach faoi láthair. Soláthróidh an bóthar feabhas suntasach ar nascacht idir ceantair éagsúla feadh imeall thuaidh na cathrach, ag ligean do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair chónaithe soir ó Luimneach rochtain a fháil ar limistéir fostaíochta in iarthar Luimnigh agus vice versa.

Cuirfidh Bóthar Dáileacháin Thuaidh Luimnigh forbairt réigiúnach chothromaithe chun cinn i gContae Luimnigh agus i nDeisceart an Chláir. Tar éis seachadadh an bhóthair bheartaithe táthar ag súil go spreagfar forbairt eacnamaíoch de réir mar a tharraingíonn rochtain fheabhsaithe infheistíocht chuig an gceantar.

Is é bunchuspóir na scéime, mar sin, nasc iompair a sholáthar idir imeall thoir agus thiar Chathair Luimnigh agus nasc le Deisceart Chontae an Chláir chun forbairt eacnamaíoch a éascú sa réigiún seo.

Eolas teagmhála

Taisteal & Iompar

An Stiúrthóireacht um Fhorbairt Fhisiciúil

Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Ceanncheathrú Chorparáideach

Cé na gCeannaithe

Luimnigh

Tá sonraí maidir leis an athrú atá sa Phlean Forbartha agus an próiseas aighneachta ar fáil anseo.