Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag lorg léirithe spéise ó phobail/ghrúpaí chun bóithre poiblí a fheabhsú nach bhfuil an Chomhairle in ann obair chothabhála rialta a dhéanamh orthu.
Go ginearálta is mionbhóithre le méid íseal tráchta agus bóithre cul-de-sac a bheidh sna bóithre atá i gceist.
Beidh béim na scéime go príomha ar phobail/grúpaí áitiúla ag cur le costas na n-oibreacha (10%). I gcásanna eisceachtúla áirithe, is féidir machnamh a dhéanamh ar rannchuidiú na ngrúpaí sin trí oibreacha ullmhúcháin nó oibreacha draenála a dhéanamh.
Rachaidh foireann na Comhairle i dteagmháil le grúpaí leasmhara chun cabhrú le hiarratais ar chostas a ullmhú.
Tá sonraí na scéime ar fáil ó:
Bóithre (Seirbhísí Lárnach)
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Tuar an Daill
Chomh maith leis sin ó oifigí ceantair i Ráth Caola, An Caisleán Nua agus Cill Mocheallóg.
Tá an fhoirm Léirithe Spéise ar fáil sna doiciméid tacaíochta thíos.
Ba cheart léirithe spéise a chur ar ais chuig:
Oifigeach Riaracháin
Bóithre-Seirbhísí Lárnach
Bóthar Thuar an Daill
Tuar an Daill
Luimneach V94 WV78