Crainn agus Fálta Contúirteacha ar Bhóithre Poiblí

Faoi théarmaí Acht na mBóithre 1993, tá dualgas ar úinéirí talún & áititheoirí talún gach cúram réasúnach a ghlacadh chun a chinntiú nach bhfuil nó nach bhféadfadh na crainn, na díoga, na fálta agus an fhásra eile atá ag fás ar a gcuid talún a bheith ina gcontúirt do dhaoine a úsáideann nó a oibríonn ar bhóthar poiblí.

Mar úinéir/áititheoir talún ní mór duit crainn, díoga agus fálta den sórt sin a ghearradh, a leagadh, a bhearradh nó a bhaint chun iad a chosc ó bheith ina nguais do dhaoine nó do mhaoin sa cheantar.

I measc samplaí de ghuaiseacha tá crainn,  marbh nó ag fáil bháis, díoga nó fálta ag cur isteach ar thrácht, ag blocáil cosáin, ag ceilt comharthaí bóthair nó ag ceilt radharc soiléir ar an mbóthar amach romhainn.

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chrainn nó géaga millte nó lagaithe agus ar stumpaí crann leagtha mar thoradh ar stoirmeacha..

Más mian leat comhairle a chur ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoi struchtúr, crann nó fál atá tadhlach le bóthar poiblí a mheastar a bheith contúirteach, déan teagmháil le do thoil leis an Roinn Seirbhísí do Chustaiméirí ar 061 556000.

Toirmisctear le hAlt 40 den Acht um Fhiadhúlra 1976 arna leasú leis an Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 2000 aon fhásra ar thalamh neamhshaothraithe a ghearradh, a ghrafadh, a dhó nó a scriosadh ar bhealach eile idir 1 Márta agus 31 Lúnasa in aon bhliain, ach amháin ar chúiseanna sláinte poiblí agus sábháilteacht. Mar sin ba chóir obair a dhéanamh nuair atá na fálta díomhaoin idir tús mhí Mheán Fómhair agus deireadh mhí Feabhra.

Féadfar fógraí a sheirbheáil ar úinéirí talún agus áititheoirí nach gcomhlíonann a ndualgais reachtúla.

Spreagtar úinéirí talún fiadhúlra a chosaint agus bithéagsúlacht a chur chun cinn ar a gcuid fálta sceach go léir (lena n-áirítear fálta neamhbhóthair) agus tá faisnéis faoi seo ar fáil ar www.pollinators.ie

Má theastaíonn aon chomhairle bhreise uait déan teagmháil le d’innealtóir ceantair áitiúil le do thoil:

 

LIMISTÉAR Uimh. Fón.
Ceantar Bardasach na Ceapaí Móire/Chill Mocheallóg 063-98019
Ceantar Bardasach Áth Dara/Ráth Caola 069-64047
Ceantar Bardasach an Chaisleáin Nua 069-62100
Ceantar Cathrach Luimnigh 061- 556480
This service is provided by

Roads,Traffic and Cleansing

Phone +353 61 556000