Eiseoidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh Cead Ualach Neamhghnách ar an bhfoirm iarratais chomhlánaithe agus an táille chuí a fháil.
Teastaíonn na nithe seo a leanas agus iarratas á dhéanamh ar Chead Ualach Neamhghnách:
- Foirm iarratais a chomhlánú agus a chur isteach 10 lá oibre ar a laghad roimh aistriú an ualaigh
- Léarscáil a thugann mionsonraí faoin mbealach
- An táille chuí a íoc
Táillí:
- Is é an táille ar chead turais singil ná €80
- D'fhéadfadh cead míosa a bheith ar fáil ar tháille €150
- D’fhéadfadh cead trí mhí a bheith ar fáil ar tháille €300
Seol foirmeacha iarratais comhlánaithe (ar fáil thíos) le do thoil chuig: alpermits@limerick.ie.