Tionscadal Pháirc Cheathrú Cholbaird agus Draenála Uirbí Inbhuanaithe (SuDS)

Is páirc phoiblí nua agus scéim draenála uirbí inbhuanaithe (SuDS) atá beartaithe í Páirc Cheathrú Cholbaird, a bheidh ina cuid lárnach den chlár athnuachana níos leithne do Cheathrú Cholbaird i gCathair Luimnigh.

  • CGI illustration of Colbert Quarter Park project in Limerick - view to the North - Kick-about, Nature Pond
  • CGI illustration of Colbert Quarter Park in Limerick - View to the West - Kick-about, Nature Play, Events and sports Pavillion (to future design competition)
  • CGI Illustration of Colbert Quarter Park in Limerick - view to the East - Kick-about, Play, Swale (SuDS)

Cur síos Iomlán ar an Tionscadal

Cruthófar leis an tionscadal spás oscailte poiblí nua ar ardchaighdeán a bheidh deartha do dhaoine de gach aois agus cumas, agus soláthrófar bonneagar glas tábhachtach, feabhsuithe bithéagsúlachta agus bearta draenála inbhuanaithe leis freisin chun tacú le forbairt amach anseo i gCeathrú Cholbaird.

Beidh spásanna súgartha, áiseanna áineasa ghníomhaigh, naisc siúlóide agus rothaíochta, áiseanna pobail agus limistéir ghlasa thírdhreachaithe sa pháirc, rud a chruthóidh áit fháilteach inrochtana i lár na cathrach do chónaitheoirí, d’oibrithe, do chuairteoirí agus do phobail a bheidh ann amach anseo.

Beidh Páirc Cheathrú Cholbaird ina taitneamhacht phoiblí nua thábhachtach i gcroílár Cheathrú Cholbaird.

Tá sé mar aidhm leis na tograí tailte nach bhfuil lánúsáid á baint astu faoi láthair a athrú ina n-áit tharraingteach ionchuimsitheach a thacaíonn leis an áineas, leis an mbithéagsúlacht, leis an taisteal gníomhach, leis an tsláinte agus leis an bhfolláine.

Áirítear ar na príomhphrionsabail atá mar bhonn eolais don dearadh:

  • Dearadh ionchuimsitheach agus inrochtaineacht do dhaoine de gach aois agus cumas.
  • Réitigh dhúlrabhunaithe agus bonneagar glas.
  • Bithéagsúlacht fheabhsaithe agus plandú speiceas dúchasach.
  • Córais draenála uirbí inbhuanaithe (SuDS).
  • Naisc mhaithe siúlóide agus rothaíochta.
  • Comhfhorbairt áite ar ardchaighdeán i gceantair uirbeacha.
  • Réimse leathan úsáidí áineasa agus pobail.

Áirítear ar na tograí atá á bhforbairt:

  • Faiche lárnach le haghaidh imeachtaí agus áineasa.
  • Spásanna súgartha foirmiúla agus neamhfhoirmiúla.
  • Limistéir súgartha sa dúlra.
  • Páirc scátála.
  • Limistéir le haghaidh gairdín pobail agus úlloird.
  • Bealaí siúlóide agus rothaíochta.
  • Locháin bhithéagsúlachta agus gnéithe bogaigh.
  • Claiseanna éadomhain fásra le haghaidh draenáil inbhuanaithe agus gairdíní báistí.
  • Suíocháin sraithe.
  • Áiseanna aclaíochta agus folláine.
  • An fhéidearthacht pailliún/caifé a thógáil amach anseo.
  • Áiseanna aclaíochta do mhadraí (“Bark Park”).

Ar ais go barr

Físeán CGI d’Eitilt Fhíorúil trí Cheathrú Cholbaird

 

Ar ais go barr

Cén Fáth a bhfuil an Tionscadal Tábhachtach?

Déanfaidh an tionscadal:

  • Páirc phoiblí mhór nua a sholáthar i lár na cathrach.
  • Rochtain ar spás oscailte ar ardchaighdeán a fheabhsú.
  • Tacú le stíleanna maireachtála níos sláintiúla agus leis an bhfolláine.
  • An bhithéagsúlacht agus an luach éiceolaíoch a mhéadú.
  • An athléimneacht aeráide a fheabhsú trí bhonneagar draenála inbhuanaithe.
  • Cabhrú le tacú le soláthar tithíochta amach anseo agus le baint amach cuspóirí athnuachana i mórcheantar Cheathrú Cholbaird.
  • Na naisc idir na comharsanachtaí sa cheantar, an bonneagar iompair agus na limistéir a fhorbrófar amach anseo a fheabhsú.

Tá céim tosaigh den rannpháirtíocht phoiblí curtha i gcrích ag foireann an tionscadail agus tá an tionscadal á thabhairt tríd an bpróiseas pleanála reachtúil anois.

Áirítear leis sin Iarratas Pleanála faoi Chuid 8 a ullmhú agus a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

Ar ais go barr

Rannpháirtíocht an Phobail

Reáchtáladh imeachtaí faisnéise don phobal ar na dátaí seo a leanas:

  • 16 Meán Fómhair 2026, 4pm-7pm – Ionad Pobail Mhuire Lourdes, Bóthar Childers, Cathair Luimnigh
  • 17 Meán Fómhair 2026, 12pm-7pm – The Citizen Innovation Lab, Sráid an tSáirséalaigh, Cathair Luimnigh

Thug na himeachtaí seo deis do chónaitheoirí, do pháirtithe leasmhara agus do ghrúpaí pobail:

  • Bualadh le foireann an tionscadail.
  • Breathnú ar na tograí atá á bhforbairt.
  • Ábhar an chomhairliúcháin a scrúdú.
  • Ceisteanna a chur.
  • Aiseolas a thabhairt ar na tograí.

Léiríodh tacaíocht láidir don tionscadal le linn an phróisis comhairliúcháin phoiblí, agus díríodh san aiseolas ar:

  • Dhearadh ionchuimsitheach.
  • Dheiseanna feabhsaithe súgartha.
  • Spásanna folláine.
  • Áiseanna atá oiriúnach do mhadraí.
  • Pháirc scátála inrochtana ar ardchaighdeán a sholáthar.
  • Bhearta bithéagsúlachta agus bonneagair ghlais.

Ar ais go barr

Cad é a Tharlóidh Anois?

Próiseas Pleanála Chuid 8

Tá an tionscadal ag dul isteach sa chéim pleanála reachtúla anois.

Áirítear ar na príomhchlocha míle:

  • Fógraí pleanála reachtúla a fhoilsiú
  • Iarratas Pleanála faoi Chuid 8 a chur isteach
  • Tréimhse comhairliúcháin phoiblí mar chuid den phróiseas pleanála
  • Dul chun cinn maidir leis an dearadh mionsonraithe agus leis an soláthar

Tabharfaidh próiseas Chuid 8 deis fhoirmiúil do dhaoine den phobal agus do pháirtithe leasmhara na tograí deiridh a scrúdú agus aighneachtaí a dhéanamh.

Ar ais go barr

Gnéithe an Tionscadail

  • Dearadh Ionchuimsitheach
    Tá an pháirc á dearadh chun a chinntiú go mbeidh daoine de gach aois, cumas agus cúlra in ann teacht uirthi agus taitneamh a bhaint aisti.
    Bithéagsúlacht Tá sé beartaithe speicis dhúchasacha a phlandú, conairí éiceolaíocha agus gnáthóga a chruthú agus bearta dearaidh dúlrabhunaithe a chur i bhfeidhm ar fud an láithreáin.
  • Draenáil Uirbeach Inbhuanaithe (SuDS)
    Cabhróidh bearta draenála inbhuanaithe, amhail claiseanna éadomhain fásra, gairdíní báistí, locháin agus limistéir choinneála sealadaí uisce, le huisce báistí a bhainistiú go nádúrtha agus tacóidh siad leis an mbithéagsúlacht agus leis an athléimneacht aeráide.
  • Áineas agus Folláine
    Beidh deiseanna sa pháirc le haghaidh súgartha, aclaíochta, áineas neamhfhoirmiúil, idirghníomhaíocht shóisialta agus imeachtaí pobail.
    Nascacht. Feabhsófar leis an tionscadal na naisc siúlóide agus rothaíochta laistigh de Cheathrú Cholbaird agus neartófar na naisc leis na comharsanachtaí agus na cinn scríbe sa cheantar.

Ar ais go barr

Breis Eolais

Foilseofar nuashonruithe ar an tionscadal, ar an bpróiseas pleanála agus ar dheiseanna rannpháirtíochta amach anseo ar an leathanach seo de réir mar a théann an tionscadal chun cinn.

Má tá ceisteanna agat faoin tionscadal, déan teagmháil le: Oifig Soláthair Bonneagair Cheathrú Cholbaird, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Download the latest documents