Leis an gClár For-rochtana Fostaíochta, oibrítear chun dul i ngleic le dífhostaíocht trí dhaoine a nascadh le chéile agus conairí a chruthú.
Cur chuige seirbhíse comhtháite chun dul i ngleic le dífhostaíocht i limistéir athghiniúna Luimnigh is ea an Clár For-rochtana Fostaíochta (OFF). Dearadh an Clár chun na scileanna agus an mhuinín a thabhairt d’fhir agus do mhná dífhostaithe chun rochtain a fháil ar fhostaíocht, oiliúint, agus deiseanna dul chun cinn. Tionscnamh idirghníomhaireachta is ea é, arna chomhordú ag Comhordaitheoir Fostaíochta Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, agus raon seirbhísí agus tionscnamh arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara reachtúla, pobail agus tionscail i gcomhar lena chéile.
Tá sé mar aidhm sa chlár OFF rochtain ar dheiseanna a chur chun cinn d’áitritheoirí agus neamhionannas sóisialta a laghdú trí rochtain ar oideachas agus foghlaim, oiliúint, poist agus fiontraíocht shóisialta a mhéadú. Tá comhordú seirbhísí, naisc le hinstitiúidí oideachais agus comhpháirtithe tionscail, agus sceidealú saincheaptha ar siúl chun conairí soiléire a chruthú le haghaidh deiseanna ar fhás pearsanta, oideachas agus oiliúint, agus fostaíocht. Is minic a dhearann agus a thástálann eagraíochtaí comhpháirtíochta cláir nua. I measc na gcomhthionscnamh is tábhachtaí tá:
- Clár Meantóireachta Fostaíochta Pobail: Cuireann na meantóirí ar an taobh ó thuaisceart agus ó dheisceart na cathrach, diantacaíocht ar fáil do na daoine is faide amach ón margadh fostaíochta. Buaileann na meantóirí le cliaint “san áit ina bhfuil siad” chun bacainní maidir le fostaíocht nó oiliúint a shárú. Tá na poist mheantóra á riar ag Grúpa Seirbhísí Pobail (GSP) Mhuire Lourdes agus Ionad Teaghlaigh Corpus Christi agus á mhaoiniú ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir, agus Comhpháirtíocht Forbartha Fiontraíochta Luimnigh (CFFL). Oibríonn Meantóirí Fostaíochta Pobail OFF le líonra níos leithne de chomhpháirtithe pobail chun treoir agus tacaíocht a thabhairt do phobail Luimnigh atá faoi mhíbhuntáiste.
- Aontaí Scileanna Pobail: Aontaí pobalbhunaithe ar an taobh ó thuaidh agus ó dheas chun deiseanna oiliúna agus fostaíochta a chur chun cinn atá ar fáil d’áitritheoirí atá ag iarraidh tús a chur lena n-aistear i dtreo na fostaíochta nó chun uasoiliúint nó athrú gairme a fháil. Imeachtaí ionchuimsitheacha ar mhaithe leis na pobail agus an pobal trí chéile is ea na hAontaí, le béim ar leith ar mhic léinn ATF atá sa chúigiú agus sa séú bliain.
- Clár Aontaí Gairmeacha Sóisearacha: Dírítear ar bhunscoileanna DEIS. Lena n-áirítear aonach scileanna sa scoil agus cuairteanna ar fhostóirí áitiúla.
- Treoirthionscadal Innealtóireachta Beaichte: Mar chuid den chlár seo, tá réamhchúrsa ar: Tomhas – córas impiriúil agus méadrach, Líníochtaí a léamh, Sábháilteacht, TCP, caighdeáin Cháilíochta, Uirlisiú agus Trealamh. Arna chur ar fáil ag Acadamh Óige Mhaigh Rois, i gcomhpháirtíocht le Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir, Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne (OTS), agus comhpháirtithe tionscail.
- Cúrsa Oiliúna Riaracháin Gnó san Earnáil Phoiblí: Mórcháiliúchán DCCÉ Leibhéal 5 arna fhorbairt ag Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir chun foghlaimeoirí a ullmhú do chleachtais oibre agus do thimpeallacht comhlachtaí san earnáil phoiblí. I measc na ndeiseanna le haghaidh socrúcháin oibre, tá: Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir, FSS, An Roinn Coimirce Sóisialaí, OTS, Ollscoil Luimnigh, Coláiste Mhuire gan Smál, agus Comhpháirtíocht Chathair Luimnigh.
Más fostóir thú agus ba mhaith leat obair linn ba bhreá linn cloisteáil uait! Is féidir le fostaithe páirt a ghlacadh in Aontaí Post nó Scileanna nó obair lenár gcuardaitheoirí poist trí chúrsaí oiliúna agus socrúcháin oibre.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann For-rochtana Fostaíochta ar outreachtoemployment@limerick.ie