Luimneach Taisteal Níos Cliste

Tá Cathair Luimnigh ag teacht chun cinn go tapa ar cheann de na cathracha Éireannacha is forásaí i réimse an taistil níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe agus bronnadh an teideal mar Chéad Chathair Léirithe Taistil níos Cliste na hÉireann uirthi i gcomórtas náisiúnta arna mhaoiniú ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (DTT&S) agus cómhaoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF) faoi Chlár Oibriúcháin Thionól Réigiúnach an Deiscirt & an Oirthir (SERA) 2007-2013.

Reáchtáladh an tionscnamh idir 2012 agus 2016 i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Luimnigh. Dámhadh €9 milliún don tionscadal a chonaic go leor bearta infrastruchtúir agus athraithe iompraíochta á leathadh amach sna ceithre mhoil limistéir tionscadail; Caladh an Treoigh, Corbhaile, Ceantar Athghiniúna an Taoibh Theas agus Lár na Cathrach.