Faisnéis maidir le Vótáil agus Clár na dToghtóirí.
Cé is Féidir Leo Vótáil?
Cé go bhfuil gach cónaitheoir i dteideal a bheith cláraithe, is gá don údarás clárúcháin a bheith ar an eolas maidir le saorántacht an duine le deimhniú cén toghchán is féidir leis an nduine vótáil ann. Is mar a leanas an ceart vótála:
- Saoránaigh na hÉireann: Is féidir leo vótáil ag gach toghchán agus reifreann
- Saoránaigh na Breataine: Is féidir leo vótáil ag Toghcháin na Dála agus Áitiúla amháin
- Saoránaigh an AE eile: Is féidir leo vótáil ag Toghcháin na hEorpa agus Áitiúla amháin
- Saoránaigh neamh-AE: Is féidir leo vótáil ag Toghcháin Áitiúla amháin
Ag Clárú Chun Vótáil
Is é an bealach is éasca duit clárú le vótáil nó do shonraí a nuashonrú ar líne ag www.checktheregister.ie. Má tá foirm ag teastáil, is féidir rochtain a fáil orthu trí na naisc thíos.
- Clár na dToghthóirí - vóta a chaitheamh
- Clár na dToghthóirí - thríú páirtí
- Clár na dToghthóirí - liosta vótálaithe speisialta
- Clár na dToghthóirí - iarratas ar vóta poist de bharr tinnis nó míchumais
Vótáil trí Phost
Is féidir le go leor catagóirí daoine clárúchán a lorg mar vótálaithe trí phost:
- Óglaigh na hÉireann
- An Garda Síochána
- Taidhleoirí ag freastal thar lear
- Vótálaithe áirithe le míchumas a chónaíonn sa bhaile
- Daoine nach féidir leo freastal ar a stáisiúin vótála féin i ngeall ar a bpost/oideachas
- Is féidir le daoine i bpríosún a chónaíonn in ospidéal, teach altranais nó institiúid cosúil iarratas a dhéanamh ar ionchuimsiú ar Liosta na Vótálaithe Speisialta.
Clárúchán Nua
Is tusa atá freagrach anois as a chinntiú go bhfuil tú cláraithe chun vóta a chaitheamh.
Toghcháin Rialtais Áitiúil 2024
Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2024
Toghcháin Mhéara Luimnigh 2024
ar siúl ar an 7ú Meitheamh 2024. Má tá tú i dteideal vóta a chaitheamh agus mura bhfuil tú ar chlár na dtoghthóirí, ní mór duit iarratas a dhéanamh roimh Luan an 20ú Bealtaine 2024.
An chaoi le hiarratas a dhéanamh:
- Ar líne ag www.checktheregister.ie
- Is féidir foirmeacha i gcruachóip a íoslódáil freisin ó www.checktheregister.ie, nó is féidir iad a iarraidh ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag registerofelectors@limerick.ie
Faisnéis Teagmhála
Guthán: +353 61 556000
Facs: +353 61 415266
R-phost: registerofelectors@limerick.ie
Uaireanta oscailte: Luain go hAoine 9am - 5pm