Ag dul isteach Táimid Feiliúnach do Bheathú Cíche Luimneach

Tá aon ghnó, grúpa pobail nó eagraíocht a bhfuil áitribh acu ar oscailt don phobal i gcoitinne i dteideal a bheith páirteach i Táimid Feiliúnach do Bheathú Cíche Luimneach.

Limerick Breastfeeding Friendly

Chun ballraíocht a ghlacadh, caithfidh gnólacht, grúpa nó eagraíocht na critéir a chomhlíonadh. Is féidir le gnólachtaí, grúpaí pobail nó eagraíochtaí rogha a dhéanamh chun clárú ina n-aonar nó thar roinnt áitreabh.

  • Ní mór do lucht bainistíochta do ghnó, do ghrúpa nó d’eagraíocht iad féin a chur ar an eolas faoi Táimid Feiliúnach do Bheathú Cíche
  • Ba cheart do bhall sinsearach de do ghnó, de do ghrúpa nó d’eagraíocht an comhaontú scríofa a íoslódáil agus a chomhlánú anseo a shonraíonn go gcloífidh do ghnó, do ghrúpa nó d’eagraíocht leis na critéir
  • Ba chóir an comhaontú sínithe a sheoladh ar ais chuig healthy.limerick@limerick.ie (Is féidir leat cóip shínithe a scanadh nó a ghrianghrafadh agus é a sheoladh ar ríomhphost mar cheangaltán).
  • Eiseofar greamán fuinneoige agus póstaer Táimid Feiliúnach do Bheathú Cíche nuair a gheofar an comhaontú sínithe
  • Cuirfear ainm agus seoladh áitribh do ghnó, do ghrúpa nó d’eagraíocht leis an léarscáil de Láithreacha Rannpháirteacha Táimid Feiliúnach do Bheathú Cíche. Beidh naisc chuige freisin ar shuíomhanna gréasáin na gcomhpháirtithe..

Chun an Comhaontú Táimid Feiliúnach do Bheathú Cíche a íoslódáil, cliceáil anseo. Le tuilleadh eolais a fháil faoi conas páirt a ghlacadh, seol ríomhphost chuig: healthy.limerick@limerick.ie.