An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP)

Soláthraíonn An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) 2024-2028 maoiniú chun dul i ngleic le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta ar leibhéal áitiúil trí rannpháirtíocht áitiúil agus comhpháirtíochtaí idir daoine aonair faoi mhíbhuntáiste, eagraíochtaí pobail agus ag gníomhaireachtaí de chuid na hearnála poiblí.

SICAP Logos 810px

Maoiniú

Tá An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) 2024-2028 comhchistithe ag rialtas na hÉireann trí An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus an tAontas Eorpach trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus faoin Clár Fostaíochta, Cuimsithe, Scileanna agus Oiliúna (EIST) 2021-2027.

Is clár spriocdhírithe, iomlánaíoch é SICAP, dóibh siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus ar lú seans acu rochtain a fháil ar ghnáthsheirbhísí, lena soláthraítear tacaíochtaí go díreach do thairbhithe agus ceanglaítear iad le seirbhísí atá ansin cheana féin. Téann Feidhmeoirí Cláir (PIs) chun teagmhála le pobail imeallaithe agus soláthraithe seirbhíse ag baint úsáide as cur chuige forbartha pobail chun dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le heisiaimh sóisialta agus neamhionannas. Tugann SICAP tosaíocht chomh maith do rannpháirtíocht áitiúil agus comhpháirtíochtaí, idir Feidhmeoirí Clár SICAP, daoine aonair faoi mhíbhuntáiste, eagraíochtaí pobail agus ag gníomhaireachtaí de chuid na hearnála poiblí.

Is clár ilghnéitheach é a sholáthraíonn tacaíochtaí chun riachtanais aonair agus pobail a fhreagairt, a chinntíonn go bhfaighidh na tairbhithe tacaíochtaí ardchaighdeán, saincheaptha, agus ag an am céanna solúbthacht a cheadú chun gníomhartha a oiriúnú do riachtanas áitiúil. Ceadaíonn sé cur chuige ó bhonn aníos faoi chuimsiú chlár náisiúnta a sholáthraíonn spriocanna, táscairí feidhmíochta agus riachtanais.

Spriocanna Cláir

Déantar an clár a struchtúrú thar dhá Sprioc:

Sprioc 1: Gníomhú chun níos mó Pobal Inbhuanaithe, Cuimsitheach agus Cumasaithe a Thógáil:

Grúpaí daoine aonair, grúpaí pobail áitiúla, líonraí agus fiontair shóisialta a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais chomhphobail.

Sprioc 2: Daoine faoi Mhíbhuntáiste a chumasú chun a gCaighdeán Saoil a fheabhsú:

Daoine aonair faoi mhíbhuntáiste, páistí agus teaghlaigh a thacú chun a n-oideachas foirmiúil a chur chun cinn, chun a bheith rannpháirteach i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, chun dul ar aghaidh chuig an bhfostaíocht/ féinfhostaíocht, agus chun a gcuid scileanna boga agus folláine a fheabhsú.

Liosta Spriocghrúpa

Tá 12 spriocghrúpa réamhshainithe socraithe do SICAP. Roghnaíodh iad seo bunaithe ar an gcomhthéacs socheacnamaíoch, an leibhéal riachtanas sa tsochaí, agus tosaíochtaí an rialtais.

  1. Daoine a bhfuil cónaí orthu i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste
  2. Daoine a bhfuil tionchar ag míbhuntáiste oideachasúil orthu
  3. Daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh atá as obair nó i dteaghlaigh a bhfuil an phríomhfhoinse ioncaim ar phá íseal agus/nó neamh chinnte
  4. Daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach
  5. Daoine a bhfuil taifead maidir le stair choiriúil acu
  6. Dídeanaithe
  7. Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta
  8. Daoine faoi Mhíchumas/Daoine a bhfuil Míchumais orthu
  9. Ceann Teaghlaigh Aon Tuismitheora
  10. Taistealaithe
  11. Romaigh
  12. Daoine a bhfuil cónaí orthu ar oileán

Coiste Forbartha Pobail Áitiúil

Tá an clár SICAP á bhainistiú ag An gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil ag leibhéal áitiúil. Tar éis próiseas soláthair phoiblí is iad na bhFeidhmeoirí Cláir a sholáthraíonn an Clár SICAP 2024-2028 i Luimneach ná:

  • Acmhainní Iarthar Luimnigh
  • Comhpháirtíocht PAUL
  • Forbairt Bhealach Abhra CTR
SICAP logos (2) 810px

Feidhmíonn Pobal mar ghníomhaire na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail i ndáil le bainistíocht agus maoirsiú náisiúnta an chláir, chomh maith le tacaí a sholáthar d'Fheidhmeoirí Cláir agus LCDC’nna chun cabhrú le caighdeáin cháilíochta a thabhairt chuig an gclár.

Feidhmeoir Cláir Ainm Gabháltais Suíomh Gabháltais Uimhir Gabháltais
Acmhainní Iarthar Luimnigh Iarthar Luimnigh (Tuath) Iarthar Luimnigh 21-1
Comhpháirtíocht PAUL Luimneach Luimneach (Uirbeach) Luimneach (Uirbeach) 21-2
Forbairt Bhealach Abhra CTR Luimneach Thoir (Tuath) Oirthear Luimnigh 21-3

Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil ag
Ríomhphoist Forbairt Pobail Uirbeach agus
Tuaithe: sicap@limerick.ie
Fón: +353 61 556000
Suíomh: Comhairle Cathrach Luimnigh agus Comhairle Contae Luimnigh, Cé na gCeannaithe, Luimneach V94 EH90

This service is provided by

Urban and Rural Community Development

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick V94 EH90