Cáin Mhaoine Áitiúil

Tháinig Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) bhliantúil, a ghearrtar ar gach maoin chónaithe sa Stát i bhfeidhm in 2013. Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim an CMÁ.

Tiocfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh le chéile i mí Iúil 2025 chun breithniú a dhéanamh ar fhachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú.

 

Ar ais go barr

Cé atá faoi dhliteanas CMÁ a íoc?

Má tá maoin chónaithe agat sa Stát, tá tú faoi dhliteanas an cháin a íoc. (Áirítear leis seo údaráis áitiúla agus eagraíochtaí tithíochta sóisialta).

Is éard is maoin chónaithe ann, ná aon fhoirgneamh nó déanmhas (nó cuid d’fhoirgneamh) a úsáidtear mar theaghais nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais agus folaíonn sé tailte suas le hacra amháin. Ní bhaineann an CMÁ le láithreáin forbartha ná le talamh feirme.

Tá an cháin iníoctha bunaithe ar luach margaidh na maoine ábhartha. Is cáin fhéinmheasúnaithe í an CMÁ, mar sin ríomhann tú an cháin atá dlite bunaithe ar do mheasúnú féin ar luach margaidh na maoine. Ní chuireann na Coimisinéirí Ioncaim luach ar mhaoin chun críocha CMÁ ach tugann siad treoir maidir le conas luach a chur ar do mhaoin.

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim réimse modhanna ar fáil chun an cháin a íoc. Féadfaidh tú rogha a dhéanamh íocaíocht shingil amháin a dhéanamh nó féadfaidh tú d’íocaíochtaí a chéimniú i dtráthchodanna comhionanna. Is féidir leat logáil isteach sa chóras CMÁ ar líne chun do thaifead Cánach Maoine Áitiúil a fheiceáil agus chun aon riaráistí a íoc (ag baint úsáide as do UPSP, Aitheantas Maoine agus UAP). Is féidir leat rochtain a fháil ar CMÁ freisin trí sheirbhísí moChuntas agus seirbhísí ROS na gCoimisinéirí Ioncaim.

 

 

Ar ais go barr

Cúlra na Cánach 

I mí Eanáir 2012, bhunaigh an Rialtas Grúpa Idir-Rannach ar Cháin Mhaoine. Bhreithnigh an Grúpa seo ceapadh cánach maoine in ionad an Mhuirir Teaghlaigh. Is í an reachtaíocht lena rialaítear an cháin ná an tAcht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012 arna leasú ag an Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) (Leasú) 2013 agus arna chomhdhlúthú san Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) (Leasú) 2021. Tá an rialtas le reachtaíocht athbhreithnithe bhreise a eisiúint go gairid chun an tréimhse athluachála a bhfuil tionchar aici ar Cháin Mhaoine Áitiúil 2026 a chumhdach.

Síníodh an tAcht Airgeadas (Cáin Mhaoine Áitiúil) (Leasú) 2021 ina dhlí an 22 Iúil 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an dáta céanna. Leis an Acht, tugadh éifeacht do phacáiste beart de réir Chlár an Rialtais chun aghaidh a thabhairt ar thodhchaí na Cánach Maoine Áitiúla

Ar ais go barr

An Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil

Ó 2015 i leith, is féidir le húdaráis áitiúla an bunráta CMÁ ar mhaoin chónaithe ina limistéar riaracháin a athrú. Is iad na bunrátaí CMÁ ná 0.18% agus 0.25%. Is féidir na rátaí seo a mhéadú nó a laghdú suas le 15% (ní mór an dá ráta a choigeartú faoin méid céanna). Tugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil air seo.

Ciallaíonn tabhairt isteach an fhachtóra coigeartaithe áitiúil go bhféadfaidh maoine cónaithe den luach céanna i limistéir éagsúla údaráis áitiúil méideanna éagsúla CMÁ a íoc ó 2015 ar aghaidh, ag brath ar cibé acu an bhfuil fachtóir coigeartaithe áitiúil curtha i bhfeidhm ag an údarás áitiúil nó nach bhfuil.

Má ritheann údarás áitiúil rún chun na bunrátaí CMÁ de 0.18% agus 0.25% do 2026 a athrú, ní mór fógra a bheith tugtha do na Coimisinéirí Ioncaim faoin bhfachtóir coigeartaithe áitiúil an 31 Lúnasa 2025 nó roimhe sin. Ní mór don údarás áitiúil fógra a fhoilsiú freisin maidir le hathrú CMÁ ar a shuíomh gréasáin agus i nuachtán áitiúil amháin ar a laghad. Ansin déanann na Coimisinéirí Ioncaim an dliteanas CMÁ i leith maoine cónaithe laistigh de limistéar riaracháin an údaráis áitiúil a choigeartú.

Ar ais go barr

Leithdháileadh Cánach Maoine Áitiúil 2026 – Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Is príomhfhoinse maoinithe anois í an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) don Rialtas Áitiúil, in ionad leithdháileadh maoinithe an Deontais Chuspóra Ghinearálta. Deimhníodh gurb é €19,054,464 don bhliain 2025 an leithdháileadh tosaigh faoin gceannteideal maoinithe seo.

Ceadaíonn an tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014 arna leasú agus rialacháin ghaolmhara do chomhaltaí na Comhairle an ráta a athrú faoi uasmhéadú nó laghdú 15% ar a mhéad. Chinn an Chomhairle an ráta CMÁ a choigeartú le 15% in airde don bhliain 2025.

Tá leithdháileadh 2025 ón gCáin Mhaoine Áitiúil agus an ríomh a sholáthraíonn an RTRÁO ar bhonn an leithdháilte seo leagtha amach i dTábla 1 thíos:

Tábla 1 - Réiteach CMÁ

Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh - Leithdháileadh CMÁ 2025

 

CMÁ 100% Coinnithe go háitiúil

€15,676,454

Bonnlíne 2025

€19,054,464

Easnamh 2025 (CMÁ Coinnithe go hÁitiúil – Bonnlíne 2025)

-€3,378,010

Dáileadh ón gCiste Comhionannaithe

€3,378,010

Maoiniú iomlán CMÁ le soláthar in 2025 roimh athrú

€19,054,464

Luach an mhéadaithe nó an laghdaithe fhéideartha i Leithdháileadh CMÁ 2025 do gach 1% den athrú a cuireadh i bhfeidhm

+/- €156,765

Leithdháileadh an t-athrú CMÁ +15% don bhliain 2025 de €2.36m chun acmhainní breise a sholáthar chun seirbhísí a sheachadadh.

Gearáin

Má tá tú míshásta faoin mbealach ar láimhseáil na Coimisinéirí Ioncaim aon ghné de do ghnóthaí cánach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman. Scrúdaíonn foireann an Ombudsman gearáin faoi ghníomhartha riaracháin ranna agus oifigí rialtais, lena n-áirítear na Coimisinéirí Ioncaim.

Achomhairc

Go ginearálta, toisc gur cáin fhéinmheasúnaithe í an CMÁ, ní thagann achomhairc fhoirmiúla chun cinn ach i líon beag cásanna.

Mura n-aontaíonn tú le Meastachán Ioncaim, is féidir leat é a dhíláithriú trí thuairisceán a chur isteach le do fhéinmheasúnú féin.

Ós rud é go bhfuil clár maoine cónaithe curtha le chéile ag na Coimisinéirí Ioncaim ó fhoinsí éagsúla, d’fhéadfadh earráidí a bheith ann maidir le húinéireacht roinnt maoine. Má fuair tú foirm Tuairisceáin CMÁ agus mura measann tú gur duine faoi dhliteanas thú féin i leith na maoine sin, ba cheart duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas i scríbhinn laistigh de 30 lá ón litir a fháil. Ba cheart duit míniú a thabhairt ar an bhfáth nach measann tú gur duine faoi dhliteanas tú féin, sonraí an duine a cheapann tú atá faoi dhliteanas (ainm, seoladh agus Uimhir PSP) agus doiciméid tacaíochta. Tá sé an-tábhachtach go ndéanann tú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim, mar más rud é nach gceartaítear an earráid, beidh tú faoi dhliteanas an cháin a íoc. Bainfidh na Coimisinéirí Ioncaim úsáid as an bhfaisnéis a sholáthraíonn tú chun cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an duine faoi dhliteanas tú. Mura n-aontaíonn tú, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc i gcoinne an chinnidh seo.

Mura n-aontaíonn tú leis na Coimisinéirí Ioncaim ar ábhair eile (mar shampla, cibé acu an maoin chónaithe í, an luacháil nó an féidir leat an íocaíocht a chur siar) agus mura féidir an cheist a réiteach, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra Measúnaithe foirmiúil nó cinneadh foirmiúil ar an ábhar chugat. Leagfar amach do cheart chun achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc go soiléir ar na fógraí. Mar sin féin, ní mór duit tuairisceán a dhéanamh agus aon cháin atá dlite a íoc sula bhféadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh an Fhógra Mheasúnaithe nó aon chinnidh eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Cá háit le hiarratas a dhéanamh

Na Coimisinéirí Ioncaim
An Brainse Cánach Maoine Áitiúil (CMÁ)
Bosca Poist 1
Luimneach
Éire
Ríomhphost: lpt@revenue.ie
Teileafón: +353 (0)1 7383626
www.revenue.ie/en/tax/lpt/index.html

 

Ar ais go barr

This service is provided by

Finance

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Dooradoyle Road, Dooradoyle, Limerick, V94 WV78