Tháinig Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) bhliantúil a ghearrtar ar gach maoin chónaithe sa Stát i bhfeidhm in 2013. Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim an CMÁ.
- Cé atá faoi dhliteanas CMÁ a íoc?
- Cúlra na Cánach
- An Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil
- Leithdháileadh maidir le Cáin Mhaoine Áitiúil 2027
- Gearáin
- Achomhairc
Cé atá faoi dhliteanas CMÁ a íoc?
Má tá maoin chónaithe agat sa Stát, tá tú faoi dhliteanas an cháin a íoc. (Áirítear leis sin údaráis áitiúla agus eagraíochtaí tithíochta sóisialta).
Is éard is maoin chónaithe ann, ná aon fhoirgneamh nó déanmhas (nó cuid d’fhoirgneamh) a úsáidtear mar theaghais nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais agus áirítear leis tailte suas le hacra amháin. Ní bhaineann an CMÁ le láithreáin forbartha ná le talamh feirme.
Tá an cháin iníoctha bunaithe ar luach margaidh na maoine ábhartha. Is cáin fhéinmheasúnaithe í an CMÁ, mar sin ríomhann tú an cháin atá dlite bunaithe ar do mheasúnú féin ar luach margaidh na maoine. Ní chuireann na Coimisinéirí Ioncaim luach ar mhaoin chun críocha CMÁ ach tugann siad treoir maidir le conas luach a chur ar do mhaoin.
Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim réimse modhanna ar fáil chun an cháin a íoc. Féadfaidh tú rogha a dhéanamh íocaíocht shingil amháin a dhéanamh nó féadfaidh tú d’íocaíochtaí a chéimniú i dtráthchodanna comhionanna. Is féidir leat logáil isteach sa chóras CMÁ ar líne chun do thaifead Cánach Maoine Áitiúil a fheiceáil agus chun aon riaráistí a íoc (ag baint úsáide as do UPSP, Aitheantas Maoine agus UAP). Is féidir leat rochtain a fháil ar CMÁ freisin trí sheirbhísí moChuntas agus seirbhísí ROS na gCoimisinéirí Ioncaim.
Cúlra na Cánach
I mí Eanáir 2012, bhunaigh an Rialtas Grúpa Idir-Rannach ar Cháin Mhaoine. Bhreithnigh an Grúpa sin ceapadh cánach maoine in ionad an Mhuirir Teaghlaigh. Is í an reachtaíocht lena rialaítear an cháin ná an tAcht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012 arna leasú ag an Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) (Leasú) 2013 agus arna chomhdhlúthú san Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) (Leasú) 2021. Tháinig na Rialacháin um Cháin Mhaoine Áitiúil (Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil), 2026 (I.R. Uimh. 198 de 2026) i bhfeidhm an 7 Bealtaine 2026, ag tabhairt éifeacht d’Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil agus Forálacha Eile) (Leasú), 2025, lenar leasaíodh an Príomh-Acht chun cead a thabhairt d’údaráis áitiúla an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a ardú 25 faoin gcéad, agus a gcumas á choinneáil acu an CMÁ a ísliú 15 faoin gcéad ar a mhéad. Tá na Rialacháin um Cháin Mhaoine Áitiúil (Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil), 2022 (I.R. 358 de 2022) cúlghairthe anois leis na Rialacháin nuashonraithe a luaitear thuas.
Síníodh an tAcht Airgeadas (Cáin Mhaoine Áitiúil) (Leasú) 2021 ina dhlí an 22 Iúil 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an dáta céanna. Leis an Acht, tugadh éifeacht do phacáiste beart de réir Chlár an Rialtais chun aghaidh a thabhairt ar thodhchaí na Cánach Maoine Áitiúla.
An Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil
Ó 2015 i leith, is féidir le húdaráis áitiúla an bunráta CMÁ ar mhaoin chónaithe ina limistéar riaracháin a athrú. Is iad na bunrátaí CMÁ ná 0.18% agus 0.25%. Ó 2027 ar aghaidh is féidir na rátaí sin a mhéadú +25% nó a laghdú suas le 15%. Tugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil ar sin.
Ciallaíonn tabhairt isteach an fhachtóra coigeartaithe áitiúil go bhféadfaidh maoine cónaithe den luach céanna i limistéir éagsúla údaráis áitiúil méideanna éagsúla CMÁ a íoc ó 2015 ar aghaidh, ag brath ar cibé acu an bhfuil fachtóir coigeartaithe áitiúil curtha i bhfeidhm ag an údarás áitiúil nó nach bhfuil.
Má ritheann údarás áitiúil rún chun bunrátaí CMÁ do 2027 a athrú, ní mór fógra a bheith tugtha do na Coimisinéirí Ioncaim faoin bhfachtóir coigeartaithe áitiúil an 15 Deireadh Fómhair 2026 nó roimhe. Ní mór don údarás áitiúil fógra a fhoilsiú freisin maidir le hathrú CMÁ ar a shuíomh gréasáin agus i nuachtán áitiúil amháin ar a laghad. Ansin déanann na Coimisinéirí Ioncaim an dliteanas CMÁ i leith maoine cónaithe laistigh de limistéar riaracháin an údaráis áitiúil a choigeartú.
Leithdháileadh maidir le Cáin Mhaoine Áitiúil 2027 – Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Is príomhfhoinse maoinithe anois í an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) don Rialtas Áitiúil, in ionad leithdháileadh maoinithe an Deontais Chuspóra Ghinearálta. Deimhníodh gurb é €20,154,464 an leithdháileadh tosaigh don bhliain 2026 faoin gceannteideal maoinithe sin.
I mBuiséad 2026, ceadaíonn an tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014 arna leasú agus rialacháin ghaolmhara do chomhaltaí na Comhairle an ráta a athrú faoi uasmhéadú nó uaslaghdú 15% ar a mhéad. Chinn an Chomhairle an ráta CMÁ a choigeartú 15% in airde don bhliain 2026.
Tá leithdháileadh 2026 ón gCáin Mhaoine Áitiúil agus an ríomh a sholáthraíonn an RTRÁO ar bhonn an leithdháilte sin leagtha amach i dTábla 1 thíos:
Tábla 1 - Réiteach CMÁ
| Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh - Leithdháileadh CMÁ 2026 | |
| CMÁ 100% Coinnithe go háitiúil | €16,911,976 |
| Bonnlíne 2026 | €20,154,464 |
| Easnamh 2026 (CMÁ Coinnithe go hÁitiúil – Bonnlíne 2026) | -€3,242,488 |
| Dáileadh ón gCiste Comhionannaithe | €3,242,488 |
| Maoiniú iomlán CMÁ le soláthar in 2026 roimh athrú | €20,154,464 |
| Luach an mhéadaithe nó an laghdaithe fhéideartha i Leithdháileadh CMÁ 2026 do gach 1% den athrú a cuireadh i bhfeidhm | +/- €169,120 |
Leithdháileadh an t-athrú CMÁ +15% don bhliain 2026 de €2.536m chun acmhainní breise a sholáthar chun seirbhísí a sheachadadh.
Gearáin
Má tá tú míshásta faoin mbealach ar láimhseáil na Coimisinéirí Ioncaim aon ghné de do ghnóthaí cánach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman. Scrúdaíonn foireann an Ombudsman gearáin faoi ghníomhartha riaracháin ranna agus oifigí rialtais, lena n-áirítear na Coimisinéirí Ioncaim.
Achomhairc
Go ginearálta, toisc gur cáin fhéinmheasúnaithe í an CMÁ, ní thagann achomhairc fhoirmiúla chun cinn ach i líon beag cásanna.
Mura n-aontaíonn tú le Meastachán Ioncaim, is féidir leat é a dhíláithriú trí thuairisceán a chur isteach le do fhéinmheasúnú féin.
Ós rud é go bhfuil clár maoine cónaithe curtha le chéile ag na Coimisinéirí Ioncaim ó fhoinsí éagsúla, d’fhéadfadh earráidí a bheith ann maidir le húinéireacht roinnt maoine. Má fuair tú foirm Tuairisceáin CMÁ agus mura measann tú gur duine faoi dhliteanas thú féin i leith na maoine sin, ba cheart duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas i scríbhinn laistigh de 30 lá ón litir a fháil. Ba cheart duit míniú a thabhairt ar an bhfáth nach measann tú gur duine faoi dhliteanas tú féin, sonraí an duine a cheapann tú atá faoi dhliteanas (ainm, seoladh agus Uimhir PSP) agus doiciméid tacaíochta. Tá sé an-tábhachtach go ndéanann tú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim, mar más rud é nach gceartaítear an earráid, beidh tú faoi dhliteanas an cháin a íoc. Bainfidh na Coimisinéirí Ioncaim úsáid as an bhfaisnéis a sholáthraíonn tú chun cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an duine faoi dhliteanas tú. Mura n-aontaíonn tú, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc i gcoinne an chinnidh sin.
Mura n-aontaíonn tú leis na Coimisinéirí Ioncaim ar ábhair eile (mar shampla, cibé acu an maoin chónaithe í, an luacháil nó an féidir leat an íocaíocht a chur siar) agus mura féidir an cheist a réiteach, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra Measúnaithe foirmiúil nó cinneadh foirmiúil ar an ábhar chugat. Leagfar amach do cheart chun achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc go soiléir ar na fógraí. Mar sin féin, ní mór duit tuairisceán a dhéanamh agus aon cháin atá dlite a íoc sula bhféadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh an Fhógra Mheasúnaithe nó aon chinnidh eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Cá háit le hiarratas a dhéanamh
Na Coimisinéirí Ioncaim
SAORPHOST
An Brainse CMÁ agus CTF Bosca PO 1
Luimneach
Éire
Ríomhphost: lpt@revenue.ie
Guthán: +353 (0)1 7383626