Scéim Cheannaigh Incrimintigh Tionónta

Ón 1 Eanáir 2016 beidh deis ag tionóntaí reatha Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a dtithe a cheannach trí Scéim Ceannaigh Incrimintigh a tugadh isteach faoi Chuid 3 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2014.

Tá roinnt réamhriachtanas ann nach mór do theaghlaigh a chomhlíonadh, lena n-áirítear:

  • Ní mór ioncam ináirithe íosta de €12,500 in aghaidh na bliana a bheith ag tionóntaí/comhthionóntaí.
  • Cinnteoidh an t-athrú seo gur féidir le daoine arb é a bpinsean a bpríomhfhoinse ioncaim iarratas a dhéanamh faoin scéim anois. Ní bhaineann an t-athrú ach le pinsin - ní féidir breathnú ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile ach mar ioncam tánaisteach.
  • Caithfidh ioncam ináirithe teacht go príomha ó fhostaíocht rialta agus ní ó leas sóisialach amháin.
  • Beidh ar thionóntaí a bheith ag fáil tacaíochta tithíochta sóisialta ar feadh 10 mbliana le go measfar iad a bheith incháilithe faoin scéim.
  • I gcás comhthionóntachtaí, caithfidh an dá thionónta a bheith ag fáil tacaíochta tithíochta sóisialta ar feadh 10 mbliana ar a laghad sula mbeidh siad incháilithe chun iarratas a dhéanamh.
  • Tá iarratasóirí dícháilithe ó cheannach mar thoradh ar cheannacháin roimhe seo.
  • Caithfidh taifead cíosa sásúil a bheith ag iarratasóirí, agus gach muirear cothrom le dáta.
  • Caithfidh tithe a bheith ar fáil le díol agus gan a bheith srianta mar a rinneadh i scéimeanna roimhe seo (i.e. ní tithe atá curtha in áirithe go sonrach do dhaoine scothaosta, lóistín idirthréimhseach, lóistín don lucht siúil, ar mhaithe le bainistíocht eastáit srl.)

I gcás ioncaim idir €12,500 agus €20,000 beidh lascaine ceannaigh ag tionónta 60% den phraghas ceannaigh agus Muirear Ceannaigh Incrimintigh de 60% i bhfeidhm ar an teach agus laghdófar é 2% in aghaidh na bliana thar 30 bliain.

Maidir le hioncam idir €20,001 agus €29,999 beidh lascaine ceannaigh ag tionónta 50% den phraghas ceannaigh agus beidh Muirear Ceannaigh Incrimintigh de 50% i bhfeidhm ar an teach agus laghdófar é 2% in aghaidh na bliana thar 25 bliain.

Maidir le hioncam os cionn €30,000 beidh lascaine ceannaigh ag tionónta 40% den phraghas ceannaigh agus beidh Muirear Ceannaigh Incrimintigh i bhfeidhm ar an teach agus laghdófar é 2% in aghaidh na bliana thar 20 bliain.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Ceannaigh Incrimintigh do Thionóntaí déan teagmháil le:

Fón: 061 557047

Ríomhphost: tenantpurchase@limerick.ie

This service is provided by

Housing Support Services

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick, V94 EH90