Is tacaíocht spriocdhírithe í an Scéim Phéinteála a chuireann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ar fáil d’úinéirí réadmhaoine folmha agus tréigthe i mbailte agus i sráidbhailte Chontae Luimnigh. Tá an tacaíocht a chuirtear ar fáil sa scéim dírithe ar réadmhaoin a fheabhsú chun cur leis an sráid-dreach i mbealach dearfach.
Cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil sa scéim atá suas go 75% de chostas na hoibre, atá faoi réir deontas de €1000 ar a mhéad, d’iarratasóirí rathúla arb iad na húinéirí réadmhaoine iad. Tá téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm agus caitear le gach iarratas ar bhonn cáis.
De ghnáth, aithneoidh Foireann Dearóilithe, Folúis agus Athúsáide Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an réadmhaoin mar fholamh nó mar thréigthe agus rachfar i dteagmháil leis na húinéirí chun páirt a ghlacadh.
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais ná Dé hAoine, an 2 Deireadh Fómhair, 2026.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
An Roinn um Sheirbhísí Réadmhaoine
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Cé na gCeannaithe
Luimneach
V94 EH90