Scéim Deontais um Bloic Coincréite Lochtacha

Bunaíodh an Scéim Deontais um Bloic Coincréite Lochtacha chun cúnamh airgeadais a thabhairt do chostais athchóirithe úinéirí tí a raibh drochthionchar ag láithreacht cainníochtaí iomarcacha míoca nó piríte sna blocobair a úsáideadh i dtógáil na maoine sin ar a maoin.

Tá an Scéim Deontas Feabhsaithe ar fáil d’úinéirí áit chónaithe atá lonnaithe i limistéar riaracháin Chathair agus Chontae Luimnigh.

Chun iarratas a dhéanamh chuig an Scéim Deontais Feabhsaithe um Bloic Coincréite Lochtacha, cliceáil anseo

Le haghaidh fiosruithe faoin scéim, seol ríomhphost chuig dcb@limerick.ie nó glaoigh ar 061 556000

Cé leis a bhaineann an scéim?

Baineann an Scéim Deontas Feabhsaithe le húinéirí áitreabh atá lonnaithe i Luimneach, sa Chlár, i nDún na nGall, i Maigh Eo agus i Sligeach, a bhfuil damáiste déanta dóibh mar gheall ar úsáid bloic coincréite lochtacha ina bhfuil méideanna iomarcacha míoca nó piríte nó ábhair dhíobhálacha eile den sórt sin nó meascán d’ábhair dhíobhálacha.

Ní mór d’úinéir ábhartha:

  • úinéireacht na háite cónaithe a bheith faighte aige/aici roimh an 31 Eanáir 2020 (nó an áit chónaithe a bheith faighte aige/aici mar oidhreacht ar an 31 Eanáir 2020 nó tar éis);
  • nó a bheith ina t(h)iarna talún i gcás ina raibh tionóntacht chláraithe ann an 1 Samhain 2021 nó roimhe – ach amháin i gcás inar ghá don chónaitheoir an áit chónaithe a fhágáil mar gheall ar dhamáiste de dheasca bloic choincréite lochtacha.

Ní mór don áit chónaithe a bheith:

  1. ina príomháit chónaithe phríobháideach an duine, is é sin, teach atá faoi úinéireacht (nó i gcomhúinéireacht) an duine agus ina áitíonn sé/sí mar a p(h)ríomháit chónaithe amháin.
  2. ina háit chónaithe ar cíos le tionóntacht chláraithe a cláraíodh leis na Boird um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) an 1 Samhain 2021 nó roimhe faoi réir uasmhéid maoine cíosa amháin in aghaidh an teaghlaigh.

Forbhreathnú ar an bPróiseas

Céim 1. Déantar iarratas

  • Fostaíonn úinéir tí gairmí foirgníochta inniúil chun tuarascáil Mheasúnú Coinníoll Foirgnimh (BCA) a dhéanamh ina measúnaítear an tairseach damáiste. (Le haghaidh Teimpléad Tuairisc BCA féach Íoslódáil na doiciméid is déanaí thíos)
  • Ba chóir d’úinéir tí iarratas ar líne a chur isteach chuig Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mar aon le cóip den tuarascáil BCA.
  • Breithneoidh Comhairle Contae Luimnigh an bhfuil an t-iarratas bailí agus cuirfidh sí iarratais bhailí faoi bhráid na Gníomhaireachta Tithíochta.
  • Déanann an Ghníomhaireacht Tithíochta measúnú ar leibhéal an damáiste agus cuireann sí in iúl don údarás áitiúil an gcomhlíonann an áit chónaithe an tairseach damáiste nó nach gcomhlíonann.
  • Cuireann an t-údarás áitiúil úinéir an tí ar an eolas faoin gcinneadh ón nGníomhaireacht Tithíochta.

Céim 2. Déantar measúnú ar an teach agus socraítear rogha an fheabhsúcháin

  • Déanann Innealtóir inniúil thar ceann na Gníomhaireachta Tithíochta tástáil agus measúnú ar an áit chónaithe.
  • Cuireann an Ghníomhaireacht Tithíochta an t-údarás áitiúil ar an eolas faoin rogha feabhsúcháin iomchuí a cinneadh nó faoin meascán de roghanna feabhsúcháin agus faoin méid deontais don rogha feabhsúcháin.
  • Cuireann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh úinéir an tí ar an eolas faoi chinntí na Gníomhaireachta Tithíochta.

Céim 3. Déantar an obair, íoctar an Deontas agus eisítear an deimhniú

  • Fostaíonn an t-úinéir tí gairmí foirgníochta inniúil chun Plean Oibreacha Feabhsúcháin a chomhlánú don rogha leasúchán ceadaithe agus cuireann sé faoi bhráid an údaráis áitiúil é.
  • Fostaíonn an t-úinéir tí conraitheoir tógála agus is féidir leis íocaíochtaí céime a iarraidh ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
  • Déanann an t-úinéir tí iarratas chuig Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ar dheontais eile le haghaidh cóiríochta malartaigh, stórála agus deisiúcháin láithreacha nuair is gá.
  • Cuirtear Deimhniú Feabhsúcháin, arna chomhlánú ag an ngairmí foirgníochta inniúil, faoi bhráid Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh in éineacht le hiarratas deiridh úinéir an tí ar íocaíocht deontais.
  • Eiseoidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh Litir Dhearbhaithe chuig úinéir an tí tar éis dóibh an Deimhniú Feabhsúcháin a fháil do na roghanna feabhsúcháin ceadaithe seachas scartáil agus atógáil.

Íoslódáil na doiciméid is déanaí

Teimpléad Tuairisc Measúnaithe Coinníoll Foirgnimh

Scéim Deontais Feabhsaithe um Bloic Coincréite Lochtacha - Freagraí ar do Cheisteanna

Rialacháin um Leasúchán ar Theaghaisí a nDearnadh Damáiste Dóibh mar gheall ar Úsáid Bloc Coincréite Lochtach 2023

An tAcht um Leasúchán ar Theaghaisí a nDearnadh Damáiste Dóibh mar gheall ar Úsáid Bloc Coincréite Lochtach, 2022

Naisc Áisiúla

Eolas ar an Scéim Deontais Feabhsaithe um Bloic Coincréite Lochtacha - gov.ie

Preasráiteas maidir le Tosach Scéim Deontais Feabhsaithe um Bloic Coincréite Lochtacha

Scéim Deontais Feabhsaithe um Bloic Coincréite Lochtacha - Treoirlínte ón Aire