Maidir le hAthbheochan Luimnigh

Díríonn clár Athbheochana Luimnigh ar trí phríomhcholún – An Colún Eacnamaíoch, An Colún Fisiceach agus an Colún Sóisialta.

Tá Cláir Athghiniúna Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh á mhaoiniú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO) chun pobail Bhéal Átha na Cora Weston, Mhaigh Rois, An Chnoic Theas, agus Pháirc Mhuire a fhorbairt. Tá an clár á chur i bhfeidhm ag an Stiúrthóireacht um Athghiniúint, Pobal, Spórt agus Forbairt Tuaithe. Oibríonn an Fhoireann Athghiniúna le comhpháirtithe reachtúla agus pobail chun caighdeán beatha áitritheoirí na gceantar a fheabhsú thar na trí cholún – an colún fisiceach, an colún sóisialta, agus an colún eacnamaíoch.

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i ndiaidh an Clár Athghiniúna a chur ar fáil faoi Plean Forfheidhmithe Chreat Athghiniúna Luimnigh (CFAL), a seoladh i mí Mheán Fómhair 2013. Clár ilbhliantúil 10 mbliana ab ea an Plean sin ina raibh fís ann ar mhaithe le pobail shábháilte agus inmharthana sna limistéir thiomnaithe sin, Maigh Rois, Páirc Mhuire, an Cnoc Theas, agus Béal Átha na Cora Weston.

Bhí 3 cholún forfheidhmithe faoin bPlean:

  • Sóisialta
  • Eacnamaíoch
  • Fisiceach

Leanann RTRÁO air ag tacú leis an gClár Athghiniúna trí thionscadail chaipitiúla a mhaoiniú agus tríd an gCiste Idirghabhála Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Mar chuid den chlár fisiceach, tá cur chuige straitéiseach i dtaca le tithíocht, timpeallacht, bonneagar agus saoráidí. Tá an Fhoireann Athghiniúna ag obair faoi láthair le comhpháirtithe chun tionscadail tithíochta nua, a bhfuil rátáil RFF A acu, a dhearadh agus a chur ar fáil sna limistéir athghiniúna. Táimid ag tabhairt faoi oibreacha athchóirithe móra chomh maith ar réadmhaoine cónaithe tréigthe, agus táimid ag leanúint orainn ag cur an chláir uasghrádaithe i bhfeidhm le haghaidh na limistéar athghiniúna. D’oibrigh ár bhfoireann i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) ar thionscadail chun iompar agus nascacht a fheabhsú laistigh den chathair agus dá purláin lena n-áirítear an chéad chéim d’oibreacha uasghrádaithe ar Ascaill Mhaigh Rois a cuireadh i gcrích in 2024.

Tá an Ciste Idirghabhála Eacnamaíoch agus an Clár For-rochtana Fostaíochta mar bhonn leis an gclár eacnamaíoch agus sóisialta. Fágann na tionscnaimh seo gur féidir linn tacú le grúpaí pobail agus soláthraithe seirbhíse chun cláir áitiúla a fhorbairt agus freastal ar riachtanais agus chun leas a bhaint as buanna na limistéar athghiniúna. Ina theannta sin, oibríonn ár bhfoireann go dlúth le comhpháirtithe reachtúla agus pobail chun cláir nua a fhorbairt chun freastal ar riachtanais agus chun buanna na limistéar athghiniúna a chothú.

This service is provided by

Regeneration

Phone +353 61 556000