Plean Áitiúil Spóirt

Tá tús curtha ag Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh leis an bpróiseas chun Plean Áitiúil Spóirt a fhorbairt do Luimneach. Leis an bPlean Spóirt, déanfar athbhreithniú ar riachtanais agus leagfar amach gníomhartha chun rannpháirtíocht sa spórt agus san ghníomhaíocht coirp a mhéadú i Luimneach.

Faoi Bheartas Náisiúnta Spóirt 2018-2027 an Rialtais, tá Údaráis Áitiúla suite mar phríomhpháirtithe leasmhara i gcomhthéacs spásanna poiblí le haghaidh spóirt agus gníomhaíochta coirp mar aon le deiseanna a sholáthar do thionscnaimh rannpháirtíochta. Faoi Ghníomh 8 den Bheartas Náisiúnta Spóirt 2018-2027, tugtar treoir do Spórt Éireann tacú le hÚdaráis Áitiúla a bPleananna Áitiúla Spóirt a fhorbairt. Deir an gníomh sin:

“Bunóimid tionscnamh, trí Spórt Éireann, chun tacú le hÚdaráis Áitiúla le Pleananna Áitiúla Spóirt a fhorbairt a thiocfaidh le fís agus le cuspóirí foriomlána an Bheartais Náisiúnta Spóirt seo. Leis an bPlean Áitiúil, déanfar athbhreithniú ar riachtanais agus leagfar gníomhartha amach chun rannpháirtíocht a mhéadú go háitiúil. Forbrófar agus cuirfear é i ngníomh i gcomhar le Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt (CÁSanna), clubanna, pobail agus páirtithe laistigh agus lasmuigh den saol spóirt.”

Dúirt an Rialtas go bhfuil suíomh uathúil ag Údaráis Áitiúla;

  • Ról foirmiúil ceannaireachta a bheith mar chúram orthu laistigh den bheartas maidir le spreagadh níos mó rannpháirtíochta a éascú ar an leibhéal áitiúil ar fud an daonra,
  • Mothú láidir comhoibrithe a chothú thar theorainneacha traidisiúnta agus príomhróil a bheith ann do chlubanna, CÁSanna, grúpaí pobail, ionaid fóillíochta agus comhpháirtithe eile go háitiúil.

Agus ról lárnach na nÚdarás Áitiúil á aithint agus de bharr na dtreochtaí rannpháirtíochta, iarrtar ar gach Údarás Áitiúil Plean Áitiúil Spóirt a fhorbairt chun rannpháirtíocht a mhéadú go háitiúil, ar bhealach atá ag teacht leis an bhfís agus na cuspóirí a leagtar síos sa Bheartas Náisiúnta Spóirt seo agus aon phlean atá ann cheana féin á chur san áireamh.

Chun é sin a dhéanamh, iarrtar ar gach Údarás Áitiúil oibriú le CÁS, le comhpháirtithe ar na Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁnna) agus Coistí Seirbhísí do Leanaí & do Dhaoine Óga (CSLDanna), le clubanna, scoileanna, soláthraithe áiseanna fóillíochta, grúpaí pobail agus le páirtithe leasmhara eile.