Thug an tAcht Rialtais Áitiúil (Táillí) 2009 isteach muirear bliantúil de €200 ar áiteanna cónaithe príobháideacha neamhphríomha.
Tá an muirear iníoctha maidir le gach maoin chónaithe sa Stát, a úsáidtear, nó atá oiriúnach le húsáid, mar áit chónaithe nach bhfuil áitithe ag an úinéir mar phríomháit chónaithe aige/aici. Is cuma an bhfuil an t-úinéir ar cíos in áit eile nó ag cónaí lasmuigh d’Éirinn.
Ceisteanna ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha (NPPR).
Ba é an 31 Lúnasa 2014 an scoithphointe do shocrú dliteanas NPPR. Cuireadh pionóis níos airde i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2014.
Logáil isteach le do thoil ar NPPR.ie le haghaidh tuilleadh treorach.
Mar mhalairt air sin, chun do dhliteanas a chlárú is féidir leat dul i dteagmháil le:
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Fón: +353 61 556479 / +353 61 557033. (Fág d’ainm agus sonraí, le do thoil)
Ríomhphost: NPPR@limerick.ie
Má tá maoin agat nach bhfuil cláraithe go dtí seo, is é an dliteanas atá dlite faoi láthair ná €750.
An ndlitear NPPR a íoc?
An raibh maoin agat nach raibh mar phríomháit chónaithe agat sa tréimhse 2009 go 2013?
Má rinne tú, d’fhéadfadh go mbeadh dliteanas ort i leith an mhuirir ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha a bhí i bhfeidhm sna blianta 2009 go 2013.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.nppr.ie
Dáta Dliteanais NPPR
Socraítear dliteanas an muirear NPPR a íoc ag stádas na maoine ar lá amháin gach bliain. Socraíodh an dáta seo, ar a dtugtar an ‘dáta dliteanais’ mar:
Dáta Dliteanais | Tréimhse Íocaíochta |
31 Iúil 2009 | 1 Lúnasa go 31 Deireadh Fómhair 2009 (d’éag an 31 Iúil 2021) |
31ú Márta 2010 | 1 Aibreán go 30 Meitheamh 2010 (d’éag an 31 Márta 2022) |
31ú Márta 2011 | 1 Aibreán go 30 Meitheamh 2011 (d’éag an 31 Márta 2023) |
31ú Márta 2012 | 1 Aibreán go 30 Meitheamh 2012 (d’éag an 31 Márta 2024) |
31ú Márta 2013 | 1 Aibreán go 30 Meitheamh 2013 (Le dul in éag ar an 31 Márta 2025) |
Cinneann stádas na maoine ar gach dáta dliteanais cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an muirear de €200 iníoctha don bhliain áirithe sin.
Pionóis:
- Mura ndéantar íocaíocht laistigh den tréimhse íocaíochta gach bliain beidh táille íocaíochta déanach de €20 i bhfeidhm do gach mí nó cuid de mhí a bhfuil an táille do gach bliain fós gan íoc. Leanann táillí íocaíochta déanacha ag carnadh chomh fada agus a fhanann an muirear gan íoc agus is féidir leis an méid atá i gceist a bheith an-suntasach.
- Tabhóidh táillí NPPR agus dliteanais táillí íocaíochta déanacha nach bhfuil íoctha tar éis an 1 Meán Fómhair 2014 táille íocaíochta déanach eile de €120, i leith gach dáta dliteanais.
- Ardófar muirir NPPR agus dliteanais táillí íocaíochta déanacha nár íocadh ar 1 Meán Fómhair 2014, lena n-áirítear an tsuim(í) breise de €120 thuas, faoi 50% ar an dáta sin.
Sampla 2010 | |
Táille | €200 |
Pionóis 45 mí (Iúil 2010 - Márta 2014) x €20 | €900 |
Pionós breise 01/09/14 de €120 | €120 |
Iomlán | €1220 |
50% méadú | €610 |
Dliteanas Iomlán | €1830 |
Féach an tábla thíos le haghaidh blianta breise.
Tábla Muirir agus Táillí Íocaíochta Déanacha 2014
Bliain | Ean 2014 | Feabhra 2014 | Márta 2014 | Tréimhse na nGrásta | Sep 2014 |
2009 (in éag 31 Iúil 2021 mura bhfuil sé íoctha) | €1220 | €1240 | €1260 | €1260 | |
2010 | €1060 | €1080 | €1100 | €1100 | |
2011 | €820 | €840 | €860 | €860 | |
2012 | €580 | €600 | €620 | €620 | |
2013 | €340 | €360 | €380 | €380 | €750 |
Total | €4020 | €4120 | €4220 | €4220< | €750 |
Roghanna Íocaíochta
- Íoc ar líne ag www.nppr.ie ag úsáid do chárta creidmheasa/dochair.
- Nó is féidir an fhoirm a íoslódáil, a chomhlánú agus a chur ar aghaidh mar aon le híocaíocht (seic/dréacht bainc/ordú poist amháin) chuig NPPR, Bosca Poist 11654, Baile Átha Cliath 8. Ní mór an íocaíocht seo a bheith iníoctha leis an NPPR.
Tabhair do d’aire: Ba cheart íocaíochtaí a bheith iníoctha leis an NPPR.
Foirmeacha
Cad atá le déanamh má dhíoltar do theach
Deimhniú Díolúine
Tá Deimhniú Díolúine infheidhmithe más rud é gurbh é an teach do Phríomháit Chónaithe Phríobháideach - PPR
Chun Deimhniú Díolúine a eisiúint, tá cruthúnas cónaithe ag teastáil le haghaidh gach dáta dliteanais NPPR i.e. post oifigiúil, cóipeanna de P60anna agus ráitis bhainc etc.
Is féidir leat na doiciméid a scanadh agus a ríomhphost más mian leat chuig: nppr@limerick.ieTeastaíonn píosa doiciméadaithe amháin do gach ceann de na blianta NPPR thuas.
Chun eolais a íoslódáil ar na doiciméid a theastaíonn le haghaidh Deimhniú Díolúine le haghaidh PPR cliceáil anseo.
Deimhniú Urscaoilte
Ba é an teach do Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha – NPPR
Éilíonn eisiúint Deimhniú Urscaoilte go mbeidh gach íocaíocht NPPR íoctha go hiomlán ar na dátaí dliteanais go léir (féach thuas).