Bainistíocht Comhchathracha agus Cúplála

Tá go leor socrúcháin nasctha ann idir Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag cothú sprid comhoibríochta idir go leor tíortha, cathracha, grúpaí pobail agus scoileanna.

Déanann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a dhícheall chun tacú agus spreagadh leis na comhoibríochtaí sin i go leor bealaí lena n-áirítear toscaireachtaí a óstáil ó go leor eagraíochtaí agus iad teacht go cathair agus contae Luimnigh.


Savannah, Georgia

Shínigh Savanna agus Luimneach comhaontú cairdis ar an 18 Feabhra 2025. Is é cuspóir an chairdis ná chun comhthuiscint a chothú, turasóireacht agus forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn trí thionscnaimh agus tionscadail chomhoibritheacha. Le fréamhacha a shíneann siar go dtí lár an 18ú haois, tá oidhreacht Éireannach an-saibhir ag Savannah . Bhog go leor inimirceach Éireannach go Savannah le linn na 1840idí, tarraingthe leis an margadh fostaíochta rathúil roimh agus i ndiaidh an ghorta. Inniu, tá ceann as gach ceathrar cónaitheoir i Savannah le sinsearacht Éireannach. Faigh tuilleadh eolais faoi Savannah, Georgia.

Ar ais go barr

Austin, Texas

Bhí Chomhaontú Comhchathracha sínithe idir Luimneach agus Austin ar an 5 Nollaig 2024 in Austin. Bhí an síniú déanta go foirmeálta i gceiliúradh a d’fhreastail an Méara Luimnigh, John Moran agus Méara Austin, Kirk Watson. Is é cuspóir an comhaontú ná chun gealltanas frithpháirteach a fháil chun chomhoibriú i bhforbairt ghnó, eolaíocht, teicneolaíocht, an gheilleagar cruthaitheach, oideachas, turasóireacht agus forbairt uirbeach. Bhunaigh an comhaontú creat chun cumarsáid díreach a choinneáil idir an dá chathair trí chruinnithe bliantúla agus malartuithe smaointe agus dea-chleachtais.

Ar ais go barr

Hohenlohekreis, An Ghearmáin

Tá comhpháirtíocht nasctha ag Comhairlí Chontae Luimnigh agus Hohenlohekreis ó 1990. Chuaigh toscaireacht bheag ó Hohenlohe ar cuairt ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag tús mhí Aibreáin 2014 agus meastar go mbeidh toscaireacht bheag ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag tabhairt cuairte ar Hohenlohe ag tús an tSamhraidh in 2015. Le linn a dturais in Aibreán 2014, thug an toscaireacht ó Hohenlohe cuairt ar go leor radharcanna Luimnigh lena n-áirítear Áth Dara, Músaem Bhád Aeir Fhainge agus Caisleán Rí Sheon. Faigh tuilleadh eolais faoi  Hohenlohekreis.

Ar ais go barr

Santa Clara, California, SAM

D’fhorbair Luimneach naisc le Santa Clara leis na blianta anuas. Cuireadh tús leis an gceangal sin ag grúpa daoine ó Luimneach ina gcónaí in Bay Area San Francisco, go háirithe John Hartnett. Bhí comhaontú cairdis sínithe idir an dá chathair agus cuireadh tús le clár malartaithe scoile. Thug dhá scoil Luimnigh, Meánscoil Salesians agus Coláiste Chléimeans cuairt ar Santa Clara agus d’óstáil siad Wilcox High School agus Santa Clara High School anseo i Luimneach. Ghlac Wilcox High School páirt i mórshiúil Lá Fhéile Pádraig agus Banna Idirnáisiúnta Luimnigh.  In Iúil 2014, bhí Comhaontú Cathracha Nasctha sínithe idir Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus Santa Clara City Council in San Jose.

Ar ais go barr

New Brunswick, New Jersey, SAM

Shínigh Comhairle Contae Luimnigh agus New Brunswick comhaontú cathracha nasctha in Aibreán 1999. Thug toscaireacht ó New Brunswick, New Jersey, cuairt ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i lár Samhna 2014 agus tá cuairt ar ais ag an Méara sna staideanna luatha pleanála. Le linn a dturais i Samhain 2014, thug an toscaireacht ó New Brunswick cuairt ar go leor radharcanna Luimnigh lena n-áirítear Loch Goir, Áth Dara agus Caisleán Rí Sheon.

Ar ais go barr

Birmingham, Sasana

Déantar malartú cuairteanna idir Luimneach agus Birmingham ó thús na 199idí. In 2013 thaisteal ionadaithe ón Deisceart agus City College Birmingham chun casadh le ionadaithe ó Choláiste Breisoideachais Luimnigh. Bhí fáiltiú foirmiúil ar an 15ú Bhealtaine 2013.

Ar ais go barr

Cumann Deoraíochta Luimnigh, Londan, Sasana

Reáchtáil Cumann Deoraíochta Luimnigh seoladh oifigiúil ar an 21 Dheireadh Fómhair 2011, freastalaithe ag Cathaoirleach agus Mr Eugene Griffin ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh. Tá cuairteanna déanta go minic ag ionadaithe Luimnigh go Londain i gcomhair go leor ócáidí le céiliúradh ag an Eagraíocht thar na blianta.

Ar ais go barr

Spokane, Washington State, SAM

Cuireadh tús oifigiúil le Caidreamh Cathracha Nasctha Luimnigh Spokane ar an 4ú Mhárta 1990, nuair a shínigh Méara Spokane agus Luimnigh comhaontú coiteann a nascann an dá chathair. I measc aidhmeanna an Chaidrimh Cathracha Nasctha, aithnítear aidhm chun gaolta cairdis a neartú agus a chothú, mar aon le tuiscint idir an dá chathair agus ócáidí Chultúir na hÉireann a thabhairt go Spokane. Thug toscaireacht 60 duine ó Spokane cuairt ar Luimneach in 2013, agus ansin chuaigh Méara Luimnigh Kathleen Leddin go dtí Spokane i mBealtaine 2014.

Ar ais go barr

Quimper, An Fhrainc

Tá an chéad chathair a bhí nasctha le Luimneach cúpla míle intíre ón fharraige sa Bhriotáin, sa bhFrainc. Tá daonra cosúil le Luimneach in Quimper. Neartaigh agus d’fhairsingigh na Coistí Nasctha ar an dá chathair, mar aidhm thar na blianta, an ghaol chairdis idir an dá chathair.

Ar ais go barr

Socrúcháin Nasctha Ghrúpa Pobail

Tacaíonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh freisin le Socrúcháin Nasctha Ghrúpa Pobail.

  • Villecrenses, an Fhrainc agus Áth Dara 
    Thosaigh an comhaontú nasctha in 2013 nuair a thug toscaireacht ó Villecrenses cuairt ar Áth Dara don chéad uair. Bhí an toscaireacht óstáilte ag go leor teaghlaigh in Áth Dara agus bhí dearbhú ó chomhpháirtíocht nasctha sínithe in 2013. I Samhain 2013, thug toscaireacht ó Áth Dara cuairt ar Aonach Fómhair Villecrenses agus bhí seastán acu san Aonach.   Bhí an toscaireacht ó Áth Dara óstáilte ag teaghlaigh in Villecrenses. 
     
  • Évry-Grégy, An Fhrainc agus Maigh Rua 
    Shínigh Maigh Rua comhaontú nasctha in 1996 le Évry-Grégy, lonnaithe timpeall 25km amach ó Pháras.  
     
  • Baile an Londraigh agus Wyandotte County, Kansas City, SAM 
    Bhí Comhaontú Comhpháirtíochta sínithe idir Wyandotte County agus Baile an Londraigh in 2009. Thug Méara Mark Holland agus toscaireacht bheag cuairt ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i mBealtaine 2014. I rith a dturais Bhealtaine 2014 thug an toscaireacht ó Wyandotte County cuairt ar go leor radharcanna Luimnigh lena n-áirítear Caisleán Rí Sheon, Iarsmalann Hunt agus Ardeaglais Mhuire. 
     
  • Comhpháirtíochtaí idir Schlossgymnasium, Kunzelsau, An Ghearmáin agus scoileanna Fhionntáin agus Iósaf i nDún Bleisce 
    Bunaíodh comhpháirtíocht in 2013 idir na scoileanna thuas agus bhí sin mar thoradh le conarthaí déanta tríd an nasc le Hohenlohekreis. Thaisteal grúpa daltaí ó na scoileanna thuas go dtí Kunseslau in Aibreán 2013 agus tar éis sin thaisteal grúpa daltaí ó Kunseslau ó scoileanna Fhionntáin agus Iósaf i nDún Bleisce.

Ar ais go barr