Is fóram traspháirtí é Cácas Ban Luimnigh comhdhéanta de chomhairleoirí Luimnigh ar mná iad a thagann le chéile chun mná a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa pholaitíocht áitiúil. Bunaíodh an Cácas chun plé agus feachtasaíocht a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhíonn roimh mhná go príomha, agus chun feasacht a ardú ar an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a fheabhsú, agus ar an ngá atá le cuimsitheacht agus éagsúlacht sa rialtas áitiúil.
Tá ráta íseal rannpháirtíochta ban ag Éirinn sa rialtas áitiúil. Le déanaí, i dtoghcháin áitiúla 2019, ní raibh ach 24% de chomhairleoirí tofa ar fud na tíre ina mná. I Luimneach, rith 20 bean as 92 iarrthóir san iomlán i dtoghcháin áitiúla 2019. D’éirigh le hochtar ban agus comhthoghadh bean eile i 2020, rud a d’fhág céatadán na gcomhairleoirí ban i Luimneach ag 22.5% (9 as 40). Ar an drochuair, níor rith aon bhaniarrthóir i gCeantar Bardasach Chaisleáin Nua i Luimneach i 2019.
Beidh sé mar aidhm ag Cácas Ban Luimnigh céatadán na mbaniarrthóirí i dtoghcháin áitiúla 2024 a mhéadú trí bhacainní agus dúshláin a bhaineann le rannpháirtíocht na mban a fhiosrú. Trí leibhéal ionadaíochta na mban a fheabhsú, beifear in ann ionchur níos cothroime ar bheartais agus ar chinntí ag leibhéal áitiúil a chinntiú. Rachaidh an Caucus i dteagmháil le mná agus grúpaí áitiúla chun béim a leagan ar an ngá atá le níos mó éagsúlachta sa rialtas áitiúil, agus chun níos mó bancheannairí a spreagadh ina bpobail.
Ba mhaith le Cácas Ban Luimnigh aitheantas a thabhairt agus buíochas a ghabháil le Comharchumann Ban na hÉireann - Luimneach (Greasán Ban Luimnigh roimhe seo) as an méid a rinne siad chun sinn a thabhairt le chéile. Chabhraigh a bhfís agus a dtacaíocht ón dtús, le bunú Cácas ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, agus beidh siad mar chuid dár scéal go deo.
Eolas teagmhála
Más mian leatsa, nó le grúpa a bhfuil baint agat leo, dul i dteagmháil le Cácas Ban Luimnigh, nó má tá fadhb agat a mbraitheann tú gur féidir le Cácas Ban Luimnigh cabhrú léi;
- Ríomhphost: womenscaucus@limerick.ie
- Guthán: 061 557150
Nó déan teagmháil dhíreach le haon cheann de na naoi gcomhairleoir ar mná iad ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.