Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Luimnigh 2024 - 2029

Leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Luimnigh 2024-2029 na príomhghníomhartha a thacóidh le Contae Luimnigh agus é ag aistriú go geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.

Ní hamháin go bhféachann gníomhartha an phlean ar conas is féidir le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a cuid oibríochtaí agus seirbhísí féin a athrú, ach tugann siad aghaidh freisin ar na heagraíochtaí eile ar féidir leis an gComhairle comhoibriú leo agus ar na tacaíochtaí is féidir léi a thabhairt do phobail áitiúla agus do dhaoine aonair.

Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025

Cheadaigh an Coiste um Beartas Straitéiseach (SPC) um Ghníomhú ar son na hAeráide, Bithéagsúlacht agus Comhshaol an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 i mí na Bealtaine. Leagtar béim sa tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh maidir lena spriocanna reachtúla um  athrú aeráide a bhaint amach, lena n-áirítear laghdú 50% ar astaíochtaí carbóin faoi 2030. Léirítear sa tuarascáil freisin réimse  tionscadal atá curtha i gcrích ar fud Luimnigh chun tacú leis na spriocanna sin a bhaint amach.

Climate Action Plan Progress Report 2025 - English

Climate Action Plan Progress Report 2025 - Irish

Doiciméid um plean gníomhaíochta ar son na haeráide

Tá Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Luimnigh 2024-2029 foilsithe ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mar a cheanglaítear de bhun Alt 16 den Acht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021. Tá sé mar aidhm ag an bplean Contae Luimnigh a chur mar cheannaire náisiúnta i ngníomhú ar son na haeráide agus cur le seachadadh éifeachtach gníomhaíochta aeráide ag leibhéil áitiúla agus ag leibhéil phobail, trí ghníomhaíocht áitbhunaithe.

Doiciméid um Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC)

Tá doiciméid a bhaineann leis an Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) de Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Luimnigh 2024-2029 ar fáil thíos. Ba é cuspóir an MSC seo ná éifeachtaí comhshaoil suntasacha a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis an bPlean a shainaithint, a mheasúnú agus a mhaolú, agus breithnithe comhshaoil a chomhtháthú in ullmhú, glacadh agus cur i bhfeidhm an Phlean.

Doiciméid um Measúnacht Chuí (MC)

Tá doiciméid a bhaineann le Measúnacht Chuí (MC) Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide na nÚdarás Áitiúil 2024 – 2029 ar fáil thíos. Ba é cuspóir an MC ná éifeachtaí díobhálacha suntasacha féideartha ar láithreáin Eorpacha ainmnithe a aithint, a mheasúnú agus a mhaolú.