Is mian le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i gcomhar le Fondúireacht Carthanachta JP McManus Going for Gold Luimnigh 2026 a fhógairt.
Fáiltíonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh roimh iarratais ar Dheontas agus Comórtas Feabhsúcháin Chomhshaoil Going for Gold Luimnigh 2026. Tá sé mar aidhm ag an scéim deontais seo cabhrú le hoibreacha Feabhsaithe Comhshaoil Inbhuanaithe a dhéanann eagraíochtaí neamhbhrabúis a oibríonn laistigh de limistéar riaracháin Chathair agus Chontae Luimnigh.
Áirítear leis na grúpaí áitiúla: Cumainn Cónaitheoirí, Grúpaí Gníomhaíochta, Grúpaí na mBailte Slachtmhara, Comhlachais Chomhphobail agus grúpaí eile deonacha laistigh de Chathair agus Chontae Luimnigh.
Tá iarratais á lorg ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ó Chumainn Cónaitheoirí / Ghrúpaí Cónaitheoirí suite laistigh de Cheantair Athnuachana freisin.
Tá an cúnamh maoinithe á chur ar fáil don tionscadal agus do na hoibreacha mar a leagtar amach é san fhoirm iarratais.
Chun Plean Uile-Éireann um Pailneoirí agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh is iad seo a leanas na coinníollacha don bhliain 2026:
- Níor cheart an maoiniú sin a úsáid chun fiailnimh, plandaí ceapaí, bláthanna/plandaí bréige a cheannach nó chun scipe bruscair a fháil ar cíos
- Ná cuir soithí plandaí ar an bhféar/ar limistéir ghlasa. Ba cheart Crainn Dhúchasacha agus plandaí eile a chur go díreach sa talamh
- Tacaíonn Plean Uile-Éireann um Pailneoirí go láidir le hathbheochan nádúrtha cluainte agus le bainc síolta fhiáine nádúrtha a fhás seachas síolta bláthanna fiáine a chur. Tabhair faoi deara go bhfásann bláthanna fiáine dúchasacha níos fearr i ndrochithir agus mar sin de níl barrithir riachtanach. Cliceáil anseo agus anseo le haghaidh tuilleadh sonraí
- Ba cheart pacáistí síolta bláthanna fiáine ón ollmhargadh, etc, a choinneáil le haghaidh úsáide i ngairdíní príobháideacha
- Má chuirtear síolta féir, déan cinnte go bhfuil céatadán níos airde de sheamair agus nóiníní ann, plandaí a mbainfidh an fiadhúlra leas astu
- Ba cheart muirín baile a úsáid nuair is féidir, seiceáil más féidir le cónaitheoir ar bith i do cheantar é a chur ar fáil don tionscadal mar rogha eile in ionad súsáin. Tabhair faoi deara, go bhfuil móta ar fáil saor in aisce ó na hIonaid Athchúrsála i Mungairit, i gCill Mocheallóg agus Sa Chaisleán Nua
- Má tá hiodrainsia á cur agat, deimhnigh gur cineál a mheallann pailneoirí agus atá fóinteach do bheacha fiáine agus d’fheithidí pailnitheacha í. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais faoi phailneoirí agus anseo le haghaidh treoirlínte
- Glac leis an gcomhairle luachmhar ó sheimineáir na mBailte Slachtmhara – cliceáil anseo
Níor cheart an deontas a úsáid le haghaidh féar bréagach nó plandaí bréagacha
Má bhaineann d’iarratas ar dheontas le plandáil – smaoinigh faoi luach a chur le do dheontas trí phlandaí ilbhliantúla a chur agus trí chrainn dhúchasacha a chur agus trí scéimeanna plandála atá oiriúnach do phailneoirí amhail beacha fiáine agus feithidí pailnitheacha a bheadh fóinteach do chaomhnú agus do bhithéagsúlacht.
- Cliceáil anseo chun féachaint ar uirlis r-fhoghlama a chruthaigh Saineolaí áitiúil ar Bheacha, Liz Gabbett, a chomhoibrigh le héiceolaithe ó Lárionad an Bhunachair Náisiúnta um Bithéagsúlacht agus le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh chun acmhainn ar líne a fhorbairt do gach saoránach
- Plean Uile-Éireann um Pailneoirí
- www.irishwildflowers.ie
- www.treecouncil.ie
- Get Your Garden Buzzing - Plants for Pollinators
San iomlán, tá fócas Going for Gold Luimnigh dírithe ar bhithéagsúlacht, caomhnú, athúsáid, athchúrsáil, cosc dramhaíola, tacaíocht don gheilleagar ciorclach agus inbhuanaitheacht.
Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh ar Going for Gold Luimnigh.
Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig limerickgoingforgold@limerick.ie nó téigh go suíomh gréasáin na Comhairle: www.limerick.ie/council
nó déan teagmháil le Seirbhísí do Chustaiméirí, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, teil: 061 556 000
Suíomh Gréasáin Going for Gold Luimnigh | Limerick.ie