Fuaimdhreacha

Tá spásanna glasa ardchaighdeáin go maith do shláinte agus folláine na saoránach agus na gcuairteoirí.

  • Group of people taking part in a Soundwalk at People's Park, Limerick

Tá ár gcathracha ag éirí níos torannaí agus bíonn tionchar ag fuaim ar an taithí a bhíonn againn ar na spásanna sin.

Chomh maith le bheith frithghníomhach chun torann iomarcach (fuaimeanna nach dteastaíonn) a laghdú, ba cheart dúinn cur chuige níos iomlánaíoch a bheith againn agus a bheith réamhghníomhach chun aird a tharraingt ar an ngá atá ann na cáilíochtaí sin a fhágann go bhfuil ár bpáirceanna ina spásanna suaimhneacha do gach saoránach i Luimneach a aithint agus a thuiscint. Tá fianaise ag an gComhairle go méadaíonn an cheannasacht a bhíonn ag fuaimeanna nádúrtha (éan ag canadh, duilleoga ag siosarnach etc.) agus fuaimeanna daonna (comhrá, gluaiseacht etc) ár dtuiscint ar thaitneamhacht agus ar bheocht ár bpáirceanna. Tá sé seo bunaithe ar shiúlóidí fuaime (siúlóidí éisteachta) leis an bpobal agus le cuairteoirí ar Luimneach ag baint úsáide as cur chuige fuaimdhreacha a chuireann freagairtí mothúchánacha daoine ar a dtimpeallacht fuaime san áireamh (féach ar na naisc thíos). Is cur chuige é ar féidir é a úsáid freisin chun bearta féideartha a aithint chun an taitneamhacht a fheabhsú in áiteanna ina bhféadfadh torann a bheith i réim.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag na naisc seo a leanas

Más grúpa Pobail no Mol Pobal thú, (Bailte Slachtmhara) nó scoil, ar mhaith leat measúnú a dhéanamh ar an timpeallacht fuaime i bpáirc i do cheantar, seol ríomhphost chuig customerservices@limerick.ie le “Soundscapes” i líne ábhair do ríomhphoist agus tabharfaimid freagra ort”.