Ainmniú Limistéar Ciúin Pháirc an Phobail

Tá ár gcathracha ag éirí níos glóraí agus tá fianaise mhaith ann go mbíonn tionchar ag truailliú torainn timpeallachta ar shláinte an duine.

  • People's Park Limerick

Is iad fuaimeanna nádúrtha amhail ceol na n-éan atá le cloisteáil go príomha i bPáirc an Phobail i gcroílár Cheathrú Seoirseach Luimnigh, agus í mar thearmann ó thrup trap na Cathrach. Mar gheall ar a shuaimhní atá sí, ainmníodh an pháirc mar “Limistéar Ciúin” i mí an Mhárta 2026 faoi na Rialacháin um Thorann Timpeallachta tar éis don Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil é sin a fhaomhadh. Is cloch mhíle é sin mar an chéad ainmniú dá leithéid in Éirinn lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus an chéad cheann atá bunaithe ar chur chuige eolaíochta is éisteachta saoránach.

Seachas teorainn torainn a chur i bhfeidhm nó gníomhaíochtaí torannacha a chosc sa pháirc, tá sé i gceist leis an ainmniú feasacht a ardú ar an mbuntáiste a bhaineann le fuaimeanna ardchaighdeáin do shláinte agus folláine na saoránach agus na gcuairteoirí agus aitheantas agus tús áite a thabhairt don pháirc i bpleanáil uirbeach amach anseo.

Tá ainmniú an Limistéir Chiúin mar chuid de chlár níos leithne gníomhartha faoi Phlean Gníomhaíochta Torainn Cheirtleán Luimnigh, 2023-2028.