Bhóthar an Stáisiúin, Eas Géitine

Tá bearta maolaithe tráchta ar Bhóthar an Stáisiúin, Eas Géitine á soláthar ag Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh. Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

Active Travel Limerick - Station Road Askeaton

Is é aidhm fhoriomlán an tionscadail ná nascacht coisithe feadh Bhóthar an Stáisiúin a fheabhsú agus siúl ón mbóthar sin isteach chuig gnólachtaí, scoileanna agus áiseanna bhaile Eas Géitine a spreagadh.

Déanfaidh na bearta leithead na mbóithre feadh an bhealaigh a rialú freisin. Áirítear leis na hoibreacha feabhsaithe:

  • Cosáin nua agus fheabhsaithe
  • Pointí trasrianta coisithe
  • Soilsiú poiblí
  • Feabhsúcháin maidir le draenáil feadh an bhealaigh

I mí Meithimh 2023, cuireadh an Scéim faoi chomhairliúchán poiblí faoi Alt 38 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994. Ní bhfuarthas aon aighneachtaí le linn an phróisis seo.

Tá sé molta anois go leanfaí leis an scéim mar a fógraíodh faoi Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994.

Tá doiciméid tairisceana á n-ullmhú faoi láthair chun tógáil go luath in 2024 a éascú.

De réir mar a théann an Scéim ar aghaidh, déanfar an leathanach seo a nuashonrú leis an eolas is déanaí atá ar fáil maidir leis na hoibreacha.

This service is provided by

Active Travel

Phone +353 61 556000