Léann Luimneach - Cad é an Scéal

Luimneach á nascadh trí mhórscéalta.

Tá lúcháir ar Leabharlanna Luimnigh a fhógairt go bhfuil tionscnamh nua á sheoladh acu chun aird a tharraingt ar an léitheoireacht mar fhoinse sultmhaire agus sóláis gan teorainn agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar chuid de na húdair iontacha inár measc.

  • Limerick Reads - What's the Story

Molaimid do mhuintir Luimnigh ar fad a bheith páirteach trí raon leathan teidil ó údair a bhfuil gradaim bainte amach acu a léamh:

  • Kevin Barry That Old Country Music
  • Helena Close The Gone Book
  • Judi Curtin Lily Steps Up
  • Padraig Kenny The Monsters of Rookhaven
  • Roisin Meaney The Restaurant
  • Donal Ryan Strange Flowers

Ceanglaíonn scéalta sinn agus ba bhreá linn go spreagfadh na scéalta seo comhráite agus naisc ar fud Luimnigh. Is é ár n-aidhm na leabhair seo a roinnt, a bhronnadh agus a athbhronnadh go forleathan ar fud ár bpobail go léir.

Cliceáil anseo chun Léann Luimneach - Treoracha Léitheoireachta a íoslódáil.

Conas a ghlacaim páirt?

Lean an haischlib #LimerickReads ar ár gcainéal meáin shóisialta chun páirt a ghlacadh sa chomhrá agus coinneáil suas chun dáta lenár gclár imeachtaí údair. Clibeáil tú féin le do thoil agus glac páirt sa chomhrá le bheith páirteach sa cheiliúradh léitheoireachta ar líne is mó i Luimneach.

Facebook  I  Instagram  I  Twitter  I  Youtube

Bí i d’Ambasadóir i Léann Luimneach

Tá líon teoranta pacáistí ambasadóra le tabhairt ar shiúl againn, lena n-áirítear cóip saor in aisce de gach ceann de na sé theideal chomh maith le treoir léitheoireachta agus leabharmharcanna. Chun clárú mar ambasadóir do Léann Luimneach agus do shraith leabhar saor in aisce a fháil le taitneamh a bhaint as, a roinnt agus a bhronnadh ba chóir duit dul i dteagmháil le ceann de na leabharlanna seo a leanas:

  • Leabharlann Áth Dara
  • Leabharlann Mhainistir na Féile
  • Leabharlann Thuar an Daill
  • Leabharlann Chill Mocheallóg
  • Leabharlann an Chaisleáin Nua
  • Leabharlann Pobail Chrois Theach Faire

Is féidir ríomhphost a chur chuig limerickreads@limerick.ie freisin.

Ar ndóigh, beidh cóipeanna breise de gach teideal againn ar fáil ar iasacht inár leabharlanna go léir, chomh maith le cóipeanna digiteacha le léamh trínár aip BorrowBox ionas gur féidir leis an oiread daoine agus is féidir cóip a fháil. Iarr na leabhair anseo.

Léann Luimneach - Cad é an Scéal maoinithe ag an bhfeachtas Éire Shláintiúil Coinnigh Folláin.

 

Limerick Reads - What's the Story

Download the latest documents

This service is provided by

Libraries, Gallery and Museum

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council Headquarters, Merchants Quay, Limerick, V94 EH90