Mol Lúthchleasaíochta Réigiúnach Luimnigh

Tá raon sintéiseach 8 lána lúthchleasaíochta den chéad scoth ag Mol Lúthchleasaíochta Réigiúnach Luimnigh, áiseanna raoin agus faiche lena mbaineann le cosán siúlóide mórthimpeall.

Tá an raon go hiomlán faoi thuilsoilse le 10 gcrann tuilsoilsithe spóirt le lampaí LED atá ag caighdeán Aicme 2 de chuid an IAAF lena dtabharfar soilsiú barrmhaith le linn aimsir an gheimhridh.

Tá bloc leithreas agus foirgneamh seirbhísí sa mhol freisin.

Ta 51 áit pháirceála ar fáil lena n-áirítear 4 áit EVCP, 5 áit do dhaoine faoi mhíchumas agus 4 áit pháirceála do bhusanna. 

Tá racaí rothar curtha ar fáil ar an suíomh chomh maith le hionad uisce gan tadhall.

Dearadh agus tógadh an áis bhardasach nua le go bhfreastalófar ar an raon iomlán d'imeachtaí raoin agus faiche. Áirítear leo siúd na nithe seo a leanas:

  • Reathaíocht
  • Cliathrásaí
  • Léimrás
  • Léim Chuaille
  • Léim Ard
  • Léim Fhada
  • Na Trí Léim
  • Caitheamh Meáchain
  • Caitheamh na Teisce
  • Caitheamh an Oird
  • Caitheamh na Sleá

Is féidir teacht ar na costais a bhaineann leis agus na hamanna atá ar fáil leis an nasc thíos.

Eolas teagmhála

Fón: +353 61 556000

Ríomhphost: LimerickRegionalAthleticHub@limerick.ie

Cuir in áirithe: portal.sportskey.com/venues/ncw-athletics-hub