Freagracht Miondíoltóirí maidir le Earraí Leictreacha (WEEE) agus Cadhnraí

BA CHÓIR d’aon mhiondíoltóir a dhíolann trealamh leictreach agus leictreonach (rud ar bith a bhfuil plocóid nó ceallraí ann) agus/nó cadhnraí tionsclaíocha/gluaisteacha/iniompartha clárú leis an AAÉ (Ardán Athchúrsála na hEorpa) nó le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

Clárú Mhiondíoltóra

Má chláraíonn tú leis an AAÉ (Ardán Athchúrsála na hEorpa) tá clárú aonuaire saor in aisce ar líne ar fáil ar Licences.ie.

Déan socrú le do thoil chun do dheimhniú clárúcháin miondíoltóra a thaispeáint ar d'áitreabh.

Is í an rogha eile ná clárú le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh - €200 ar bhonn bliantúil - foirm iarratais ar fáil ach í a iarraidh. Déan teagmháil le +353 61 556489, le haghaidh tuilleadh eolais.

“Tóg ar ais” Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach agus Cadhnraí Dramhaíola. (rud ar bith a bhfuil plocóid nó cadhnraí ann)

Ní mór do mhiondíoltóirí cláraithe trealaimh leictrigh agus leictreonach (siopaí) a chur chun cinn agus socrú a dhéanamh maidir le “tógáil ar ais” saor in aisce agus athchúrsáil ar dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach ar bhonn “ceann i gcomhair ceann” “saghas i gcomhair saghas”. Mar shampla má cheannaíonn tú tóstaer, tá tú i dteideal tóstaer a thabhairt ar ais go dtí an miondíoltóir chun é a athchúrsáil.

Féach thíos le do thoil le haghaidh fógraí reachtúla a chaithfear a thaispeáint ag díolphointe miondíoltóirí cláraithe. Is féidir le neamh-chomhlíonadh fógra pionóis sheasta suas le €500 a tharraingt.

Fógraíocht Miondíoltóra:

Ní mór d’aon mhiondíoltóir a fhógraíonn trealamh leictreach agus leictreonach tí agus cadhnraí an fhoclaíocht seo a leanas a chur san áireamh in AON fógra

Níor cheart Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (WEEE) agus cadhnraí dramhaíola a chur in aon araid rothaí tí. Tógtar WEEE ar ais saor in aisce ag ionad díolacháin miondíola leictreacha ar bhonn “ceann i gcomhair ceann” “saghas i gcomhair saghas”. Tá coimeádán le haghaidh cadhnraí dramhaíola beaga i do shiopa áitiúil. Tógann áiseanna conláiste cathartha na n-údarás áitiúil cadhnraí WEEE agus Dramhaíola ar ais saor in aisce freisin. Tá athchúrsáil WEEE agus Cadhnraí Dramhaíola SAOR IN AISCE.

Ní mór do mhiondíoltóirí cláraithe, ar bhonn rialta, socrú a dhéanamh go nglacfar le Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach/Cadhnraí Dramhaíola mar “thóg ar ais” ón bpobal óna n-áitreabh faoin scéim chomhlíonta ERP (Ardán Athchúrsála na hEorpa).

Sonraí teagmhála: 0818 332757 / info@erpcollect.ie.

Ní mór do mhiondíoltóirí cláraithe cadhnraí dramhaíola a thabhairt go www.limerickrecyclingcentres.ie amháin (ar dheimhniú clárúcháin miondíoltóra ó ERP Éireann).