Ag an gCruinniú a bhí ar siúl ar an 28 Eanáir 2019, ghlac Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh le Fodhlíthe Chathair agus Chontae Luimnigh (Dramhaíl Teaghlaigh agus Tráchtála a Leithlisiú, a Stóráil agus a Chur i Láthair) 2019. Tiocfaidh na Fodhlíthe seo i bhfeidhm ar an 1 Márta 2019 agus is féidir é a fheiceáil trí chliceáil ar an nasc sa rannán doiciméad thíos.
Tabhair faoi deara le do thoil: Ní mór dramhaíl tí a chur i láthair le bailiú in araid rothaí.
Áfach, tá líon teoranta réimsí a bhfuil maolú ar an riachtanas seo tugtha ina leith. Tá an liosta, a bheidh faoi réir athbhreithniú ar an 31 Nollaig 2023, ar fáil thíos.
Mura bhfuil do sheoladh san áireamh, beidh ort do chuid dramhaíola a chur in araid rothaí.
Tabhair faoi deara le do thoil: ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí dramhaíola boscaí dramhaíola bia a sholáthar do cheirtleáin > 500 teaghlach, lena n-áirítear na bailte seo a leanas i gContae Luimnigh:
| Mainistir na Féile | Faing |
| Áth Dara | An Gleann |
| Áth an Choite | An t-Ospidéal |
| Eas Géitine | Cill Fhíonáin |
| Baile an Gharraí | Cill Mocheallóg |
| An Brú | Cathair Luimnigh agus na bruachbhailte |
| Brú Rí | Maigh Rua |
| Cathair Chinn Lis | An Caisleán Nua Thiar |
| An Cheapach Mhór | Pailís Ghréine |
| Caisleán Uí Chonaill | Pailís Chaonraí |
| Cromadh | Tobar Phádraig |
| Dún | Ráth Caola |
| Drom Collachair |
*I mí na Samhna 2017, sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, (DCCAE) liosta náisiúnta amháin caighdeánach d’earraí agus d’ábhair is féidir a chur san araid athchúrsála. Anois, níl ach páipéar, cairtchlár, plaistigh dochta, stáin agus cannaí sa liosta d’ábhar oiriúnach agus is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo.