I mí Eanáir/Feabhra 2018, fuair Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh bogearraí agus crua-earraí samhaltaithe torainn. Toisc gur réimse iomlán nua gníomhaíochta é seo don Chomhairle, bhí riachtanas suntasach oiliúna foirne ann.
Tá an chuid is mó den oiliúint seo curtha ar fáil anois agus táimid in ann tús a chur leis an bpróiseas samhaltaithe sna háiteanna is mó a aithníodh sa Phlean Gníomhaíochta Torainn.
Táimid i mbun na tacair shonraí ábhartha a bhailiú do láthair theas Mhóin an Lín (m.sh. múnla digiteach tír-raoin, cruthanna foirgneamh, bóithre) mar ba é seo an ceann a thugamar faoi scrúdú ar dtús. Caithfear é seo a fhorlíonadh le bailiú sonraí ar an láthair agus le fíorú maidir le saincheisteanna ar nós sonraí bacainní atá ann cheana féin. Déanfar athbhreithniú freisin ar an gcomhaireamh tráchta is déanaí. Táthar ag súil go dtógfar an tsamhail torainn don timpeallacht torainn atá ann faoi láthair faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2019.
Beidh gá ansin leis an tsamhail a chalabrú agus úsáid á baint as sonraí monatóireachta torainn ar an láthair. Chun na sonraí monatóireachta seo a bhailiú ar an láthair beidh gá le trealamh speisialta a shuiteáil lena n-áirítear crann 4m ar airde agus soláthar cumhachta gréine i ngairdíní roinnt réadmhaoine. Braitheann an próiseas seo ar an aimsir freisin. Táthar ag súil go ndéanfar an mhonatóireacht seo idir Bealtaine agus Meitheamh 2019.
Nuair a bheidh na sonraí seo bailithe, tabharfar an tsamhail chun críche. Déanfar anailís ansin ar bhearta maolaithe torainn féideartha agus ar a n-éifeacht ar na leibhéil torainn tuartha i ngach áitreabh agus timpeall air. Táthar ag súil go ndéanfar an obair seo i mí Lúnasa 2019/Meán Fómhair 2019.
Nuair a bheidh an saothar thuas ar láthair theas Mhóin an Lín curtha i gcrích, cuirfidh an Chomhairle tús le measúnú ar láthair theas Bhaile Choimín.
Féach ar Léarscáileanna Torainn Straitéiseacha Luimnigh
Is féidir Léarscáileanna Torainn Straitéiseacha Luimnigh a fheiceáil ag EPA Maps.ie.
Féach ar shonraí monatóireachta torainn Luimnigh
Is féidir sonraí monatóireachta torainn Luimnigh a fheiceáil anseo.