Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag lorg Ráitis Spéise (RS) do mhaoiniú ó ghrúpaí pobail atá lonnaithe i gceantair ainmnithe CLÁR a d’fhéadfaí tionscadail fheiliúnacha a bheith acu le breithniú faoi scéim leathnaithe CLÁR ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary TD le gairid go mbeadh leathnú ar scéim CLÁR go ceantair thuaithe nach raibh incháilithe roimhe agus Toghranna (TRanna) nua i gcontae Luimnigh san áireamh. Cliceáil anseo le do thoil chun an preasráiteas a fheiceáil.
Is clár infheistíochta spriocdhírithe é CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) do cheantair thuaithe a bhfuil sé mar sprioc aige maoiniú a thabhairt do thionscadail bheaga bhonneagair i gceantair ainmnithe CLÁR ar tharla dídhaonrú iontu agus/nó a bhfuil míbhuntáiste socheacnamaíoch agus iargúltacht gheografach ag baint leo. Cliceáil anseo le do thoil chun Léarscáil leathnaithe de cheantair CLÁR 2026 Luimnigh (Toghcheantair) a fheiceáil.
Is é an Beart atá á mhaoiniú faoi CLÁR 2026, agus atá á chur i bhfeidhm trí Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, ná:
Beart 1: Forbairt ar Shaoráidí & Conláistí Pobail
I measc samplaí de thionscadail atá incháilithe do mhaoiniú faoin scéim sin, tá:
- Oibreacha athchóirithe ar mhionscála ar shaoráidí pobail atá ar oscailt don phobal níos leithne
- Áiteanna ilúsáide cluichíochta (ÁIÚC)/Saoráidí astroturf (uasghráduithe san áireamh)
- Clóis súgartha/páirceanna clár scátála/pumpraonta/raonta rothaíochta/spásanna do dhéagóirí
- Raonta siúil/reatha/lúthchleasaíochta
- Pinniúir/cúirteanna leadóige/cúirteanna cispheile/tailte cruicéid/áiteanna babhlála lasmuigh
- Ionaid aclaíochta phobail/pictiúrlanna pobail
- Gairdíní na gcéadfaí/gairdíní Pobail/cuibhrinn/plandú bithéagsúlachta
- Rochtain ar shuíomhanna oidhreachta áitiúla ar leith / limistéir áilleachta nádúrtha
- Saoráidí leithris agus feistis faoin aer feabhsaithe
- Páirceáil Carranna
- Bearta sábháilteachta tráchta dírithe ar an bpobal
- Rochtain a fheabhsú ar thailte spóirt
- Leithris/cithfholcadáin i saoráidí pobail nach seomraí feistis ná cithfholcadáin d’fhoirne spóirt iad
- Gineadóirí Éigeandála. Ní mór dóibh sin a bheith soghluaiste ar mhaithe le húsáid chomhroinnte an phobail
- Gníomhartha chun truailliú solais a mhaolú (ar talamh agus ar muir) trí straitéisí soilsithe aisiríoch chun spéartha dorcha na hÉireann a chosaint agus/nó a thabhairt ar ais
- Araidí Gréine
Cuirfidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh fáilte roimh ráitis spéise (RS) ó Scoileanna/Grúpaí Pobail agus Cuideachtaí Forbartha Áitiúla maidir le Beart 1 do thionscadail laistigh de na ceantair ainmnithe CLÁR. Féadfaidh Grúpaí Pobail a bheith ina n-eagraíochtaí spóirt áitiúla nuair a thacaítear leis an mbonneagar i gceist ar mhaithe le leas an phobail i gcoitinne (ní ar mhaithe leis an eagraíocht spóirt amháin), agus nuair atá sé ar fáil go héasca do gach duine sa phobal.
Ní mór d’aon chonláiste pobail maoinithe a bheith ar oscailt don phobal gan riachtanas a bheith mar bhall i gclub, cláraithe i scoil, etc. Ní mór do chonláistí ar thailte scoile a bheith ar oscailt don phobal lasmuigh d’uaireanta scoile e.g. tráthnónta, deirí seachtaine agus laethanta saoire scoile.
Déanfar measúnú ar gach ráiteas spéise i ndáil leis na tosaíochtaí atá sonraithe i Leagan Amach na Scéime Bheartas 1, agus tosaíocht tugtha do 14 thionscadal incháilithe a thagann le cuspóirí na scéime.
Cuimseofar maoiniú deontais a bheidh ar fáil do 14 iarratas tosaíochta mar a leanas:
- Tionscadail ó €5,000 suas le €65,000 – féadfar 12 thionscadal ar an uasmhéid a roghnú le cur chun cinn chuig céim an iarratais iomláin.
- Tionscadail ó €5,000 suas le €100,000 – féadfar 2 thionscadal ar an uasmhéid a roghnú le cur chun cinn chuig céim an iarratais iomláin.
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór do gach iarratasóir foirm Léirithe Suime ar líne a chomhlánú tríd an nasc seo.
Ní mór foirmeacha Léirithe Suime ar líne atá comhlánaithe agus mar aon le doiciméid tacaíochta a chur isteach ar líne tráth nach déanaí ná Dé hAoine an 22 Bealtaine 2026.
Dírigh fiosrú ar bith chuig an Roinn Forbartha Tuaithe ar 061-556008 nó trí ríomhphost chuig CLAR@limerick.ie