Conas is féidir iarratas a chur isteach

Deontas & Comórtas Feabhsúcháin Chomhshaoil Going for Gold Luimnigh 2026.

Going For Gold application form

Cé atá incháilithe d’iarratas dhéanamh?

Tá an scéim deontais seo oscailte do ghrúpaí áitiúla ar mian leo bithéagsúlacht, bainistiú bruscair, plandáil atá oiriúnach do phailneoirí agus oibreacha comhshaoil eile a fheabhsú. Áirítear leis na grúpaí áitiúla: Cumainn Cónaitheoirí, Grúpaí Gníomhaíochta, Grúpaí na mBailte Slachtmhara, Comhlachais Chomhphobail agus grúpaí eile deonacha laistigh de limistéir Chathair agus Chontae Luimnigh.

Tá sé mar aidhm ag an scéim deontais seo cabhrú le hoibreacha Feabhsúcháin maidir le Gníomhaíocht Chomhshaoil agus Aeráide a dhéanann eagraíochtaí neamhbhrabúis a oibríonn laistigh de limistéir Chathair agus Chontae Luimnigh.

An chaoi le hiarratas a dhéanamh:

Fáiltíonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh roimh iarratais ar Dheontas agus Comórtas Feabhsúcháin Chomhshaoil Going for Gold Luimnigh 2026.

Tá foirm iarratais ar fáil anseo.

Ní mór d’iarrthóirí foirm iarratais Going for Gold Luimnigh a chomhlíonadh agus a chur isteach faoi 12pm Dé hAoine, 27 Márta 2026.

Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig limerickgoingforgold@limerick.ie nó téigh go suíomh gréasáin na Comhairle: www.limerick.ie/council

Mar rogha air sin déan teagmháil le: Seirbhísí do Chustaiméirí, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, teil. 061 556 000

Ríomhphost: customerservices@limerick.ie

Nótaí Breise:

Measfaidh an painéal moltóireachta roinnt gnéithe agus iad ag déanamh moltóireachta ar iarrthóirí i ngach catagóir lena n-áirítear na critéir seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

  1. Bainistíocht bruscair agus easpa ginearálta bruscair sa limistéar, bóithre ar an mbealach isteach san áireamh
  2. Fócas ar bhithéagsúlacht, an dúlra, gnéithe an fhiadhúlra agus plandáil atá oiriúnach do phailneoirí (bláthanna/plandaí bréige neamh-incháilithe). Ba cheart pacáistí síolta bláthanna fiáine ón ollmhargadh, etc, a choinneáil le haghaidh úsáide i ngairdíní príobháideacha. Má chuirtear síolta féir, déan cinnte go bhfuil céatadán níos airde de sheamair agus nóiníní ann, plandaí a mbainfidh an fiadhúlra leas astu
  3. Fócas ar phlandáil glasraí seachas plandaí ceapaí. Ná cuir soithí plandaí ar an bhféar/ar limistéir ghlasa. Ba cheart Crainn Dhúchasacha agus plandaí eile a chur go díreach sa talamh
  4. Níor cheart an maoiniú sin a úsáid chun fiailnimh, plandaí ceapaí, bláthanna/plandaí bréige a cheannach nó chun scipe bruscair a fháil ar cíos
  5. Inbhuanaitheacht, fócas ar gheilleagar ciorclach (deisiú, athúsáid, athchúrsáil), ábhair athchúrsáilte, laghdú dramhaíola agus Rannpháirtíocht an Phobail
  6. Ba cheart muirín baile a úsáid nuair is féidir, seiceáil más féidir le cónaitheoir ar bith i do cheantar é a chur ar fáil don tionscadal mar rogha eile in ionad súsáin. Tabhair faoi deara, go bhfuil móta ar fáil saor in aisce ó na hIonaid Athchúrsála i Mungairit, i gCill Mocheallóg agus Sa Chaisleán Nua
  7. Má tá hiodrainsia á cur agat, deimhnigh gur cineál a mheallann pailneoirí agus atá fóinteach do bheacha fiáine agus d’fheithidí pailnitheacha í. Féach 'Naisc Úsáideacha' thíos le haghaidh tuilleadh eolais
  8. Rannpháirtíocht Óige sa Phobal - rannpháirtíocht oibrithe deonacha óga, smaointe agus físeanna nuálacha lena ligtear dóibh an pobal a mhúnlú, lena n-áirítear obair na hóige i gcomhpháirtíocht leis an bPobal chun an pobal a neartú agus a dhéanamh níos acmhainní agus níos inbhuanaithe
  9. Glac leis an gcomhairle luachmhar ó sheimineáir na mBailte Slachtmhara roimhe seo, le do thoil
  10. Tacú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) – féach 'Naisc Úsáideacha' thíos le haghaidh tuilleadh eolais. Leis na Spriocanna sin léirítear gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus timpeallachta d’fhorbairt inbhuanaithe, atá ailínithe le héiteas Going for Gold Luimnigh
  11. Oibreacha ar tugadh Cúnamh Deontais Chomhshaoil Going for Gold Luimnigh dóibh
  12. Scéimeanna plandála cuí – crainn dhúchasacha, pailneoirí, plandaí ilbhliantúla, srl
  13. Oibreacha breise ar tugadh fúthu ón bhliain roimhe, más infheidhme
  14. Gnéithe de bhóithre isteach i dtreo limistéir, sráidbhaile nó baile
  15. Foirm iarratais faighte
  16. Gnéithe ar bith eile a mheasann na moltóirí a bheith ábhartha
  17. Agallaimh Live 95 agus vótáil trí théacs infheidhme ar chatagóirí na mBailte Slachtmhara amháin

Tabhair faoi deara go dtarlóidh moltóireacht Going for Gold Luimnigh 2026 i mí Lúnasa 2026.

Ní ghlacfar ach le hAON iarratas amháin ó gach grúpa.

D’fhéadfaí eolas breise a iarraidh ar chéim ar bith le linn na gcéimeanna próiseála, measúnaithe, agus/nó moltóireachta. D’fhéadfadh sé go n-áirítear leis sin grianghraif 'roimhe agus ina dhiaidh'.

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le gearrliostáil i gcuid de na catagóirí nó i ngach catagóir sa chomórtas.

Tá cinntí na moltóirí críochnaitheach.

Is é Dé hAoine, an 27 Márta, 2026 faoi 12pm an dáta deiridh maidir le foirmeacha iarratais comhlíonta a fháil.

Naisc Úsáideacha:

Le haghaidh eolais faoi mhúiríniú téigh go: https://mywaste.ie/sustainability/food-waste/home-composting/

Le haghaidh eolais faoi Phailneoirí téigh go: Plean Uile-Éireann um Pailneoirí » Plean Uile-Éireann um Pailneoirí

Treoirlínte: https://pollinators.ie/wp-content/uploads/2024/02/AIPP-A5-Community-guidelines-2023-WEB.pdf

Dréachtphlean Gníomhaíochta Luimnigh um Bithéagsúlacht 2025 - 2030: https://www.limerick.ie/council/services/environment-and-climate-action/limerick-biodiversity-action-plan/limerick

Eolas faoi Bhailte Slachtmhara: https://www.limerick.ie/council/services/environment-and-climate-action/clean-community/national-tidy-towns-competition-0

Beartas Crann do Luimneach, 2024- 2030: https://www.limerick.ie/council/services/environment-and-climate-action/tree-policy/tree-policy-for-limerick

Suíomh gréasáin chun do chrainn nua-churtha a thaifeadadh: https://trees.limerick.ie/

Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna): https://sdgs.un.org/goals