D’óstáil Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus University College London (UCL) seimineár gréasáin i gcomhar le chéile an 15 Deireadh Fómhair 2026 maidir le fuaimdhreacha, do na húdaráis áitiúla, na gníomhaireachtaí stáit, an tionscal agus an saol acadúil in Éirinn, dar teideal - I dTreo Bhabhta 5 den Mhapáil Straitéiseach Torainn agus den Phleanáil Gníomhaíochta Torainn: Na deiseanna a chuireann an cur chuige fuaimdhreacha ar fáil.
Ba é a bhí mar aidhm leis ná a léiriú go bhféadfadh an cur chuige seo cur leis an modh laghdaithe torainn agus a thaispeáint conas atá sé comhtháite i mbeartas comhshaoil na Breataine Bige ar mhaithe le sláinte agus folláine an phobail. Is cur chuige é seo is féidir a chur i bhfeidhm i bpleanáil gníomhaíochta torainn agus i gcomhthéacs pleanála níos leithne.
Tá na cuir i láthair ar fáil ag na naisc thíos:
- Réamhrá agus an Gá le Pleanáil Réamhghníomhach (LCCC)
- Míniú ar an gCur Chuige Fuaimdhreacha: Measúnú, Buntáistí agus Cur i bhFeidhm (UCL)
- Ceannródaíocht maidir le Fuaimdhreacha sa Reachtaíocht agus sa Phleanáil Gníomhaíochta (Rialtas na Breataine Bige)
- Fuaimdhreach i nGníomh: Samplaí ó Luimneach agus Comhthéacs na hÉireann (LCCC)
Gabhaimid buíochas le UCL agus le Rialtas na Breataine Bige as a dtacaíocht leis an imeacht seo.